Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Áise.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 November 2008

Tuesday, 11 November 2008

Questions (362)

Eamon Gilmore

Question:

441 D’fhiafraigh Deputy Eamon Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist athscrúdú a dhéanamh ar na meastacháin ar an deontas a cheadaigh an Roinn níos luaithe i mbliana le haghaidh Bóithre Áise nach raibh Comhairle Chontae Dhún na nGall ábalta obair a thosú orthu. [39778/08]

View answer

Written answers

Tá plé ar siúl faoi láthair idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir leis na meastacháin costais a bhaineann le hiarratais áirithe faoi Scéim na mBóithre Aise ar ceadaíodh deontais ina leith ar 2 Bealtaine 2008. Déanfar cinneadh maidir leis na cásanna atá i gceist ach soiléirithe cuí a bheith faighte agus breithnithe.

Top
Share