Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 December 2008

Wednesday, 17 December 2008

Questions (556)

Dinny McGinley

Question:

595 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé gur buille mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht cealú an deontais caipitíochta do na coláistí samhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46796/08]

View answer

Written answers

Aithním an ról tábhachtach atá ag na coláistí samhraidh Gaeltachta i saol na Gaeilge agus molaim obair na gcoláistí as ucht líofacht a chothú i measc na mac léinn a dhéanann freastal orthu. Is ábhar dóchais é go leanann líon suntasach mac léinn orthu ag freastal ar na coláistí seo sa Ghaeltacht. Aithním chomh maith go mbíonn tionchar nach beag ag na coláistí ar eacnamaíocht na gceantar Gaeltachta in a bhfuil siad lonnaithe.

In a ainneoin seo agus in ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún atá sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sé, ní raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua, deacra a dhéanamh. Léiríodh na cinntí seo i measc na bhfógairtí Lá an Bhuiséid, agus ina measc bhí cealú an deontais a bhí á íoc ag mo Roinnse do na coláistí samhraidh Gaeilge. B'é ráta an chúnamh deontais seo a cuireadh ar fáil ná tuairim is €53 in aghaidh gach mac léinn a bhí rollaithe ar chúrsa trí seachtaine i 2008, méid ab ionann is cuid bheag go leor den chostas foriomlán a ghabh le freastal ar an gcúrsa.

Leanfaidh tacaíocht an Stáit do mhic léinn a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh Gaeltachta i bhfoirm na bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh a chuireann cóiríocht ar fáil do na mic léinn. Leanfar leis an maoiniú a dhéantar ar fhreastal ábhar oidí ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Leanfar freisin leis na socruithe maidir le saoire phearsanta bhreise a cheadú do mhúinteoirí bunscoile a mhúineann ar na coláistí samhraidh.

Toisc gurb iad áiteanna dúchais na teanga, tuigim an tábhacht chultúrtha agus sochtheangeolaíoch a bhaineann leis na limistéir Ghaeltacht go háirithe, d'fhoghlaimeoirí na teanga agus tá áthas orm go leanfar le tacaíocht a thabhairt dóibh.

Top
Share