Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 151, 152, 153, 154 go 155 le chéile.
Cuirtear cistíocht ar fáil trí Vóta mo Roinne-se do dhá chomhlacht poiblí le bord — Údarás na Gaeltachta agus Coimisiún Forbartha an Iarthair — agus do chomhlacht trasteorann amháin le bord — An Foras Teanga, a bhfuil dhá áisíneacht ann: Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
Baineann córais difriúla le ceapachán comhaltaí ar bhoird na gcomhlachtaí sin. Mar shampla, is ó Thuaidh a ndéantar leath de na ceapacháin don Fhoras Teanga; bíonn 17 ball d'Údarás na Gaeltachta tofa go daonlathach; agus tagann na ceapacháin do bhord Choimisiún Forbartha an Iarthair faoi mo chúram féin.
An méid sin ráite, cé go mbíonn córais difriúla i gceist ó chomhlacht go comhlacht, is é an bunphrionsabal i gcónaí ná daoine a aimsiú le saineolas, taithí agus spéis i réimse imeachtaí agus feidhmeanna an chomhlachta a bhíonn i gceist. Tá léargas ar na critéir ábhartha ar fáil sa reachtaíocht chuí.
Leagtar amach sa tábla faoi seo sonraí maidir leis na teorainneacha airgid atá ceadaithe do Phríomhfheidhmeannaigh a chaitheamh nó a dheonú le cead tarmligthe ó Bhoird Stiúrtha na gcomhlachtaí atá i gceist.
Tábla: Teorainneacha airgid atá ceadaithe do Phríomhfheidhmeannaigh a chaitheamh nó a dheonú le cead tarmligthe
Eagras
|
Teorainneacha
|
Údarás na Gaeltachta
|
Caiteachas caipitil: suas go €100,000
Caiteachas riaracháin agus an Clár Reatha: gan teorainn sonrach
|
Foras na Gaeilge
|
Suas go €50,000
|
Gníomhaireacht na hUltaise
|
Suas go €45,000 i gcás riaracháin ghinearálta
Suas go €37,500 i gcás chóiríocht oifige
Suas go €6,364 i gcás deontais
|
Coimisiún Forbartha an Iarthair
|
Suas go €20,000
|
Maidir leis an méid airgid a caitheadh i gcomhréir leis na teorainneacha thuas sna blianta 2006-08, ní raibh sé indéanta an t-eolas sin a chur le chéile san amscála a bhí i gceist. Tá socruithe cuí á dhéanamh, áfach, an t-eolas ábhartha a chur ar fáil don Teachta chomh luath agus is féidir.
Faoi mar is eol don Teachta, tá riachtanais áirithe i ndáil le hEitic agus Caighdeáin in Oifig Phoiblí leagtha amach sa reachtaíocht ghinearálta a bhaineann leis na cúrsaí sin agus, ar ndóigh, sa reachtaíocht shonrach i gcás Údarás na Gaeltachta agus Choimisiún Forbartha an Iarthair. Anuas ar sin, leagtar síos sa Chód Cleachtas do Chomhlachtaí Stáit gur chóir go mbeadh cód cleachtais i scríbhinn ag gach gcomhlacht dá gcuid stiúrthóirí agus dá gcuid fostaithe ag clúdach riachtanais áirithe, coimhlint leasa ina measc. Ó thaobh na gcomhlachtaí trasteorann, leagtar síos a mhacasamhail de riachtanas san Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (mír 6 de Chuid 7 den Aguisín don Chomhaontú). Tuigim ó na háisíneachtaí trasteorann a thagann faoi scáth mo Roinne go bhfuil a leithéid i bhfeidhm acu agus go bhfuil polasaí soiléir acu i ndáil le coimhlint leasa. Tuigim freisin go bhfuil na polasaithe sin foilsithe nó le foilsiú go luath ar shuíomh idirlín na gcomhlachtaí. Faoi na polasaithe sin, ní mór comhaltaí boird a choinneáil amach ón bplé i gcás go bhféadfadh coimhlint leasa a bheith i gceist toisc leas pearsanta nó leas díreach a bheith ann do pé comhlacht nó eagraíocht lena bhfuil baint ag an gcomhalta. Measaim féin go bhfuil cur chuige mar sin cóir agus ceart.
Ós rud é go gceaptar comhaltaí de thoradh a gcuid saineolais agus taithí sna réimsí ábhartha, tarlaíonn sé ó am go ham go bhféadfadh comhaltaí boird a bheith gníomhach sa réimse áirithe atá faoi chaibidil ag comhlacht ar leith. D'fhéadfadh sé tarlú chomh maith go mbeadh deontas á lorg acu — nó ag dream atá gaolmhar leo — chun togra áirithe a chur chun cinn. Feictear domsa go mba chóir go mbeadh na gnáthchórais mheasúnaithe in ann déileála go stuama agus go gairmiúil lena leithéid de tharlúint. Ba chóir freisin go mbeadh comhaltaí boird in ann breithiúnas féaráilte a dhéanamh ar iarratais i gcásanna dá leithéid agus ní mór a threisiú gurb é an bord iomlán a bheadh ag díriú ar chinneadh críochnaitheach a dhéanamh i ngach cás den chineál sin. Ar ndóigh, tá an méid céanna fíor i gcás iarratas dá leithéid ó fhostaithe de chuid comhlachta ar bith, sé sin, go bhfuil na rialacha faoin gcód iompair agus na córais mheasúnaithe ann chun déileáil go stuama agus go gairmiúil lena leithéid de chás. Ar ndóigh, má tá aon chás ar leith i gceist ag an Teachta sa chomhthéacs thuas, bheinn lán-sásta fiosruithe a dhéanamh ach eolas cuí a fháil uaidh.