Skip to main content
Normal View

Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 October 2009

Tuesday, 6 October 2009

Questions (56)

Dinny McGinley

Question:

140 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na scéimeanna teanga agus Gaeltachta atá faoi scrúdú agus á measúnú ina Roinn faoi láthair; agus cén uair a shíleann sé go ndéanfar cinneadh ina leith. [33658/09]

View answer

Written answers

Beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil go leor moltaí a bhaineann le hobair agus scéimeanna mo Roinne sa Tuarascáil a foilsíodh mar thoradh ar an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá na ceisteanna sin uile faoi bhráid an Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an bpointe seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Níl i gceist agam cinneadh a dhéanamh faoi thodhchaí aon scéim de chuid mo Roinne-se go dtí go mbeidh an chéim reatha d'obair an Choiste thart.

Question No. 141 answered with Question No. 127.
Top
Share