Dinny McGinley
Question:33 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad airgid a bheidh ar fáil i rith 2010 le haghaidh bóithre áise. [47142/09]
View answerDáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2009
33 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad airgid a bheidh ar fáil i rith 2010 le haghaidh bóithre áise. [47142/09]
View answerNíl cinneadh críochnúil déanta ag mo Roinn go fóill maidir leis an méid sonrach airgid a bheidh ar fáil chun caitheamh ar bhóithre áise sa Ghaeltacht in 2010, i gcomhthéacs na n-éilimh caipitil uile a bheidh freastal le déanamh orthu sa Ghaeltacht trí chéile. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, beifear ag díriú i dtosach ar cheadúcháin atá déanta cheana, ach nach bhfuil íoctha go fóill, a ghlanadh.