Skip to main content
Normal View

Scéim Tógála Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2009

Wednesday, 16 December 2009

Questions (328)

Dinny McGinley

Question:

340 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le forbairt ag scoil (sonraí tugtha), cén uair a bheidh tairiscintí conartha á lorg; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47233/09]

View answer

Written answers

Is maith liom a chur in iúl don Teachta gur faomhadh Céim 2b (dearadh mionsonraithe), don tionscadal dá dtagraítear, ar 10ú Nollaig 2009. Eiseofar údarú chun dul ar aghaidh go dtí Céim 3 (céim na tairisceana) go gairid.

Top
Share