Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil Céim a hAon den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge — Céim na Pleanála agus an Deartha — curtha i gcrích agus go bhfuil Céim a Dó faoi lánseol i láthair na huaire. Baineann Céim a Dó le tiomsú an Fhoclóra féin agus tá trí fho-chéim ar leith i gceist:
Céim 2(a) a bhaineann le cur le chéile bhunachar Béarla an Fhoclóra i bhfoirm creataí iontrála — tá 75% den obair seo déanta agus cuirfear bailchríoch léi i mí Iúil;
Céim 2(b) a bhaineann le taobh na Gaeilge den Fhoclóir a sholáthar — tá tús curtha leis an obair aistriúcháin seo agus meastar go leanfaidh an obair ar aghaidh go ceann dhá bhliain eile; agus
Céim 2(c) a bhaineann leis an obair eagarthóireachta — táthar ag súil le tús a chur leis an gcuid sin den obair roimh dheireadh na bliana agus meastar go leanfaidh an fho-chéim seo ar aghaidh go dtí an bhliain 2012.
Ach Céim a Dó bheith curtha i gcrích, leanfar ar aghaidh go dtí Céim a Trí, a bhaineann le táirgeadh an Fhoclóra féin. Mar sin, comhairlítear dom go bhfuiltear ag súil leis an leagan críochnúil den Fhoclóir a fhoilsiú i bhfoirm chlóite agus leictreonach ag deireadh na bliana 2012.
Mar eolas breise don Teachta, tá suíomh gréasáin ar leith ag an tionscadal — www.focloir.ie — áit a bhfuil cur síos cuimsitheach ar an tionscadal, móide samplaí den obair reatha agus den obair atá curtha i gcrích cheana.
Is fiú a lua go mbeidh mórchuid d'ábhar an tionscadail seo ina dhúshraith luachmhar do thionscadail eile foclóireachta amach anseo — Foclóir Nua Gaeilge-Béarla ach go háirithe.