Faoi mar is eol don Teachta, tá cinneadh déanta go ndéanfar Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil agus is féidir liom a chinntiú go dtionólfar an chéad chruinniú inniu den Choiste Stiúrtha atá bunaithe chun próiseas an athbhreithnithe sin a thabhairt chun cinn. Ghlac an Rialtas cinneadh maidir leis seo i mí na Samhna 2008 mar chuid de bhunú an Lár-Aonaid Aistriúcháin i mo Roinn féin. Beidh duine ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ainmnithe ar an gCoiste seo.
Tá comhaontú forleathan ann gur gá an Caighdeán a athbhreithniú lena chinntiú go mbeidh sé fós in ann freastal ar riachtanais na teanga amach anseo. Tá mo Roinnse ag súil go mór le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta san áireamh, leis an sprioc seo a bhaint amach.