Dinny McGinley
Question:63 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Airgeadais an bhfuil Gaeleagras — an eagraíocht oiliúna don státseirbhís faoi choimirce na Roinne Airgeadais — fós ag feidhmiú ina hiomláine; an bhfuil ranganna Gaeilge fós á soláthar ag Gaeleagras do státseirbhísigh gur mian leo ranganna a dhéanamh; an bhfuil scrúduithe Gaeilge fós á reáchtáil ag Gaeleagras do státseirbhísigh gur mian leo scrúdú cáilithe Gaeilge a dhéanamh; ar cuireadh aon rang a bhí beartaithe ag Gaeleagras a reáchtáil ar ceal ón 01 Meán Fómhair 2010 ar aghaidh, agus más rud é gur cuireadh, cén socruithe atá ann leis an rang nó leis na ranganna sin a chur ar siúl arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41531/10]
View answer