Léirítear sa tábla thíos na sonraí atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an mhaoin atá díolta ag an eagraíocht i gCo Dhún na nGall ó 2006 i leith. Tuigtear dom ón Údarás go bhfuarthas luacháil neamhspleách i ndáil le gach idirbheart maoine atá luaite sa tábla.
Comhairlítear dom nár cuireadh aon díolachán maoine i gCo Dhún na nGall i gcrích i 2010 go dáta, cé go dtuigtear ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil cúpla cás idir lámha a d'fhéadfadh a bheith curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana.
Tuigtear dom chomh maith ón Údarás go raibh dhá phíosa talaimh eile fógartha le díol ar an margadh oscailte ó 2008 i leith ach nár díoladh iad de bharr go raibh na tairiscintí a bhfuarthas ró-íseal. Is i mBaile na Finne (talamh portaigh 9.6 acra) agus i ngaireacht do Na Gleanntaí (suíomh 4 acra) atá na suíomhanna seo. Tá sé curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil sé i gceist na suíomhanna atá i gceist a choinneáil faoi láthair agus, mar an gcéanna le maoin eile na heagraíochta, go ndéanfar athbhreithniú go tráthrialta ar na féidearthachtaí a bhaineann leo.
Díol Maoine de chuid Údarás na Gaeltachta i gCo Dhún na nGall 2006-10
Bliain
|
Sonraí
|
Praghas
|
|
|
€
|
2006
|
Monarcha, Cill Chárthaigh
|
350,000
|
|
Monarcha, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
|
101,579
|
2007
|
Suíomh, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
|
110,000
|
|
Monarcha, An Clochán Liath
|
400,000
|
2008
|
Monarcha, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
|
1,022,026
|
2009
|
Talamh (1 acra), Árainn Mhór
|
55,000
|
|
Talamh (0.6 acra), An Clochán Liath
|
10,000
|
|
Talamh (1 acra), An Clochán Liath
|
141,000
|
|
Monarcha, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
|
610,000
|
Nóta: Díoladh na monarchana a luaitear le tionóntaithe a bhí sna foirgnimh cheana.