Skip to main content
Normal View

Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 December 2010

Tuesday, 7 December 2010

Questions (22, 23)

Arthur Morgan

Question:

22 D’fhiafraigh Deputy Arthur Morgan den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna Cé mhéad múinteoir nua-cheaptha a rinne an TGMI (Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile) i mbliana; cé mhéad iarrthóir a bhí ann sna blianta 2007-2010; agus cé mhéad pas agus teip a bhí ann; agus, sa chás nach n-éiríonn le hiarrthóir, an féidir ceapachán a dhéanamh, pé scéal é, i scoileanna Gaeltachta, agus i scoileanna eile ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthmheán teagaisc. [45933/10]

View answer

Written answers

Táthar ag tiomsú an eolais atá iarrtha faoi láthair agus seolfar ar aghaidh chuig an Teachta é a luaithe is féidir.

Arthur Morgan

Question:

23 D’fhiafraigh Deputy Arthur Morgan den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna Cé mhéad iar-bhunscoil Ghaeltachta atá ann ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthmheán teagaisc (maidir le hábhair seachas an Ghaeilge) agus cad iad ainmneacha na scoileanna seo; cé mhéad iarbhunscoil Gaeltachta atá ag teagasc roinnt de na hábhair trí mheán na Gaeilge agus cad iad ainmneacha na scoileanna seo. [45934/10]

View answer

Foilsíonn mo Roinnse liosta na n-iar-bhunscoileanna uile ar a suíomh idirlín www.education.ie. Rangaítear iar-bhunscoileanna a sholáthraigh oideachas i 2009/10 trí mheán na Gaeilge d'iomlán a gcuid daltaí nó do chuid díobh mar "1" faoi cholún 5 ar an liosta seo. Cuirfidh mo chuid oifigeach cruachóip de liosta na n-iar-bhunscoileanna a bhfuil rangú "1" acu ar aghaidh chugat.

Top
Share