Tá caighdeánú an sceideal foirnithe do Ghaelscoileanna, i dtreo is go mbeidh sé mar an gcéanna leis sin atá i mbunscoileanna i gcoitinne, i measc líon beart buiséadacha atá ceaptha chun líon na múinteoirí a laghdú. Beidh feidhm ag na hathruithe seo ó Mheán Fómhair 2011 ar aghaidh.
As an athrú seo tiocfaidh laghdú de tuairim 50 post i nGaelscoileanna. Tá iomlán de bhreis is 1,500 post múinteoireachta insna scoileanna seo.
Cinnfear an méid tionchair a bheidh aige seo ag leibhéal na scoileanna aonair mar chuid den ghnáthphróiseas leithdháilte don scoilbhliain 2011/12 agus tabharfar fógra do scoileanna sa ghnáthshlí.
Buiséad is ea Buiséad 2011 a aithníonn chomh tábhachtach is atá an earnáil oideachais agus scileanna d'ionchais na hÉireann amach anseo. Bíodh is go mb'éigean roghanna deacra a dhéanamh chun coigiltí a shainaithint laistigh de shainchúram mo Roinne — ar a n-áirítear na hathruithe foirnithe do Ghaelscoileanna — tá an Rialtas tar éis a sheacht ndícheall a dhéanamh chun seirbhísí túslíne oideachais a chosaint i 2011. Táimid ar bhealach chuig pointe ag a mbeidh ár gcaiteachas iomlán poiblí tagtha ar ais chun comhchuibhis leis an méid is acmhainn dúinn mar thír agus tá sé de dhualgas ar gach réimse den Rialtas, Gaelscoileanna san áireamh, feidhmiú a fheabhas is féidir leo ar leibhéal laghdaithe acmhainní.