Is mian liom a chur in iúl don Teachta nach gcoinníonn an Roinn staitisticí/eolas ar féidir teacht orthu go héasca faoin líon múinteoirí a ceapadh agus cáilíocht TGMI acu. Níl múinteoirí i dteideal liúntas ar bith as cáilíocht den saghas sin a bheith ina seilbh.
Léiríonn an tábla thíos na torthaí a fuair múinteoirí a sheas an scrúdú don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile ó 2007- 2010.
BLIAIN
|
IOMLÁN NA nIARRTHÓIRÍ
|
PAS
|
TEIP
|
2007
|
83
|
67
|
16
|
2008
|
113
|
96
|
17
|
2009
|
65
|
62
|
3
|
2010
|
63
|
50
|
13
|
Éilítear an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile chun an riachtanas Gaeilge a shásamh chun duine a cheapadh (a) mar mhúinteoir in Iarbhunscoil Gaeltachta (b) mar mhúinteoir in Iarbhunscoil arb í an Ghaeilge an gnáthmheán teagaisc (i gcás ábhar seachas an Ghaeilge) nó (c) mar mhúinteoir a bheidh ag teagasc aon ábhair (seachas an Ghaeilge) trí mheán na Gaeilge in aon iarbhunscoil. Más rud é nach bhfuil an Teastas i seilbh an mhúinteora ar é/í a cheapadh ceaptar é/í faoi chonradh ar feadh bliana amháin agus bliain aige/aici chun an céanna a shealbhú. Mura shealbhaíonn ní mór an post a athfhógairt.