Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Caipitil Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 April 2011

Tuesday, 5 April 2011

Questions (334)

Éamon Ó Cuív

Question:

351 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad é méid iomlán na ngealltanas atá ann faoi na Scéimeanna Caipitil Gaeltachta (E1), cé mhéid acu seo a mheastar a thiocfaidh aibí i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6689/11]

View answer

Written answers

Léiríonn an tábla thíos méid iomlán na ngealltanas faoi na Scéimeanna Caipitil Gaeltachta (E1). Os rud é go bhfuil na deontais seo ceadaithe do dhaoine aonair, do choistí pobail agus d'údaráis áitiúla, tuigfidh an Teachta gur deacair a rá go cinnte cé mhéid acu a thiocfaidh in aibíochta i mbliana. Táthar muiníneach, áfach, go mbeidh a dhóthain airgid ar fáil i Vóta mo Roinne-se faoi na scéimeanna seo chun na dliteanais reatha a thiocfaidh chun cinn i mbliana a íoc.

Scéimeanna Caipitil Gaeltachta (E1)

E1.1

1,285,994

E1.2

2,254,356

E1.3

153,258

E1.4

90,562

E1.5

290,457

Iomlán

4,074,627

Top
Share