Skip to main content
Normal View

Forbairt Pobail

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 April 2011

Tuesday, 5 April 2011

Questions (337)

Éamon Ó Cuív

Question:

354 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an raibh aon chomhráití aige leis an Aire Stáit atá freagrach as an gClár NewERA féachaint le hairgead riachtanach bunstruchtúir a fháil do na ceantair CLÁR, RAPID, Ghaeltachta agus Oileánda, agus má bhí, cén toradh a bhí ar na comhráití sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6854/11]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá na feidhmeanna a ndéantar tagairt dóibh sa Cheist seo á n-aistriú go dtí Ranna eile i láthair na huaire, faoi réir fhógra an Taoisigh sa Teach seo ar 9 Márta 2011. Táthar ag súil go n-aistreofar na feidhmeanna sin chuig Ranna eile go luath agus glacaim leis go ndéanfar breithniú an uair sin ar an tsaincheist sin agus ar na saincheisteanna eile atá ábhartha do na feidhmeanna sin.

Top
Share