Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 May 2011

Tuesday, 10 May 2011

Questions (196)

Éamon Ó Cuív

Question:

225 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén t-eolas airgeadais a cuireadh ar fáil dó don tréimhse 1/1/2011 go 31/3/2011; cén chaoi a bhfuil cúrsaí caiteachais agus ioncaim go dáta i gcomparáid leis na meastacháin a foilsíodh ag tús na bliana agus leis na próifílí caiteachais a réitíodh don bhliain; an gcuirfidh sé cóip den eolas a tugadh dó ar fáil dom; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10744/11]

View answer

Written answers

Seolfadh faisnéis airgeadais de chuid na Roinne agamsa don tréimhse 1/1/2011 go dtí 31/3/2011 chuig an Roinn Airgeadais. D'fhoilsigh an Roinn Airgeadais an Anailís go Deireadh Mhárta 2011 den Ghlanchaiteachas Vótáilte do mo Roinnse mar a leanas:

Próifíl Deireadh Mhárta (€m)

Táirgeacht Deireadh Mhárta (€m)

Athraitheach (€m)

Athraitheach (%)

Iomlán

54

40

-14

-25.7

Caiteachas Reatha

27

22

-5

-17.0

Caipeatal

27

18

-9

-34.3

Ar na mhórchuid éiríonn na haithreathais as cúrsaí uainiúcháin agus as caiteachas a bhí níos moille ná mar leagadh amach sna próifílí i leith scéimeanna áirithe a sholáthraíonn cistí ar bhonn an éilimh. Meastar go bhfillfidh caiteachas mo Roinne-se ar an bpróifíl i gcaitheamh na bliana.

Top
Share