Skip to main content
Normal View

Comhoibriú Trasteorann

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 June 2011

Wednesday, 22 June 2011

Questions (17, 18)

Pearse Doherty

Question:

20 D’fhiafraigh Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise feidhmeannas nua a bheith ceaptha sna sé chontae agus Aire nua sa Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an bhfuil sé i gceist aige cruinniú a lorg leis an Aire nua maidir le comhoibriú trasteorann ar cheist na Gaeilge agus cúrsaí ealaíon; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16436/11]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

106 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tá feidhmeannas nua ceaptha sna sé chontae agus Aire nua sa Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, an bhfuil sé i gceist ag an Aire cruinniú a lorg leis an Aire nua maidir le comhoibriú trasteorann ar cheist na Gaeilge agus cúrsaí Ealaíon. [13218/11]

View answer

Oral answers (5 contributions)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 20 agus 106 le chéile.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go mbeidh mé ag bualadh leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta nua ó Thuaidh, an tUasal Carál Ní Chuilín, MLA, ar an 7 Iúil 2011 in Ard Mhacha nuair a reáchtálfar cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i bhformáid rannach na teanga agus na n-uiscebhealaí. Ag na cruinnithe sin déanfar plé go príomha ar an obair reatha mar a bhaineann leis na forais trasteorann a thagann faoi scáth ár Ranna, is é sin, An Foras Teanga, ar a n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus Uiscebhealaí Éireann. An méid sin ráite, tá súil agam go mbeidh seans againn plé a dhéanamh fosta ar na deiseanna nua a d'fhéadfadh bheith ann maidir le comhoibriú trasteorann sa todhchaí. Ní miste dom a lua gur chas mo chomhghleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Jimmy Deenihan, leis an Aire Ní Chuilín ag lánchruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a tionóladh i Farmleigh ar 10 Meitheamh 2011.

Go raibh maith ag an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Tá fás tagtha ar an Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann le blianta beaga anuas. Mar is eol don Aire Stáit, tá Aire ann a bhaineann leis an Ghaeilge anois. Tá áthas orm go mbeidh an tAire Stáit ag bualadh léi i Mí Iúil.

Tá an-chuid rudaí le déanamh i dtaobh ghaelscolaíochta agus téacsleabhair a bhaineann le gaelscoileanna. Tá daltaí i ngaelscoileanna ag léamh leabhar Béarla ag an mbomaite seo, ach tá téacsleabhair sa Tuaisceart cosúil leis na cinn atá á iarraidh sa Deisceart. Tá gá le curaclam Éireannach a chruthú don dá thaobh den tír. Níl sé ceart go bhfuil dhá chóras ag feidhmiú ar dhá thaonh den Teorann. Bheimís in ann a lán airgid a shábháil sa tír seo dá n-oibreoimís le chéile. Tá daoine i mBaile Munna ag iarraidh gaelscoil nua a bhunú agus tá Gaeltacht i mBóthar na Seoighe i mBéal Feirste. D'fhéadfaí eolas an dá cheantar sin a roinnt idir a chéile. D'fhéadfaimís an Ghaeilge a láidriú ar an dá thaobh den Teorann. Impím ar an Aire Stáit oibriú leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, más féidir leis.

Aontaím le gach rud atá le rá ag an Teachta agus leis na tuairimí atá sé ag cur chun tosaigh. Caithfimid comhoibriú agus is maith an rud go mbeadh comhoibriú idir muidne anseo agus na húdaráis ó Thuaidh. Sin an fáth go bhfuil mé ag tnúth chomh mór sin bualadh leis an Aire úr ar 7 Iúil in Ard Mhacha, nuair a bheidh cruinniú den Chomhaire Aireachta Thuaidh-Theas ann.

Is cúis áthais dom gur chainteoir bhreá Gaeilge í an t-Aire úr a bhfuil na cúramaí seo uirthi. Is cinnte gur féidir linn comhoibriú a dhéanamh. Beidh ról cinnte ag Foras na Gaeilge san straitéis 20 bliain sa chuid eile den tír. Tá an Roinn i gceannas go hiomlán uirthi. Beidh an t-údarás i gceannas na straitéise san Ghaeltacht ach beidh ról cinnte ag Foras na Gaeilge i gcur chun cinn na straitéise ar fud na tíre seo. Is cinnte go bhfuil mise ag tnúth go mór le comhráití a bheith agam leis an Aire úr agus teacht ar dhóigheanna gur féidir linn an deis sin a thapú, más féidir liom é a chur mar sin.

Tá an-obair á dhéanamh sa Tuaisceart ag na gaelscoileanna agus tá súil agam, nuair a bheidh mé ansin, go mbeidh seans agam cuairt a thabhairt ar chúpla ceann. Thug mé cuairt ar chupla gaelscoil ansin cheana féin, an ceann i mBóthar Seoighe agus i mBaile Stíl i nDoire. Sílim gur féidir linn foghlaim uathu sin agus gur féidir leosan foghlaim uainne.

Maidir le téacsleabhair agus mar sin de, is é an teanga céanna atá i gceist agus ní fheicim aon fáth nach mbeadh comhoibriú ceart eadrainn. Is Gaeilge Uladh a bheadh sna téacsleabhair san Tuaisceart, rud a chuireann áthas ar mo chroí. Tá mé cinnte go dtuigeann an Teachta Kitt é sin. Ní dhéanfaimid dearmad ar Ghaeilge Chonnachta ach an oiread. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh. Tá mé ag tnúth go mór le bualadh leis an Aire úr agus dul ar aghaidh leis an straitéis.

Go raibh maith agat, a Aire.

The Minister of State is too good to be stopped.

Top
Share