Skip to main content
Normal View

Tionscnamh Post

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 June 2011

Wednesday, 22 June 2011

Questions (41, 42, 43)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

37 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise gur gheall an Rialtas seo, mar chuid den Chlár Chomhaontaithe Rialtais go gcuirfí deiseanna nua fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht ach gan aon tagairt shonrach dó sin a bheith sa Tionscnamh Post a fógraíodh cúpla seachtain ó shin, an féidir leis an Aire léargas a thabhairt ar na céimeanna a ghlacfaidh an Rialtas agus ar na hacmhainní a chuirfear ar fáil chun tacú le caomhnú agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16434/11]

View answer

Question:

48 D’fhiafraigh Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil airgead curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don Scéim Feabhsúcháin Gaeltachta, d’fhorbairt na n-oileán agus don Tionscnamh Post; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16613/11]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

103 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth nár cuireadh, mar chuid den chlár Rialtais, deiseanna nua fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht, .cén fáth nach bhfuil aon tagairt shonrach dó sin sa Tionscnamh Post a fograíodh an tseachtain seo caite; an feidir leis an aire léargas a thabhairt ar na céimeanna a ghlacfaidh an Rialtas agus na hacmhainní a chuirfidh sé ar fail chun tacú le caomnhú agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13215/11]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 37, 48 agus 103 le chéile.

Is scéimeanna de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreacha agus Gaeltachta féin, seachas Údarás na Gaeltachta, iad an Scéim Feabhsúcháin Gaeltachta agus an Ciste um Fhorbairt Oileán. Is é an soláthar airgid atá curtha ar fáil i Vóta mo Roinne i gcomhar na scéimeanna seo i 2011 ná: Oileáin (Caipiteal), €3.7m; Seirbhísí Iompair Oileánda, €5.7m; Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta, €2.5m.

Ar ndóigh, cruthaíodh an Tionscnamh Post, a fograíodh i mí Bealtaine, chun fostaíocht a spreagadh ar fud an Stáit, na ceantair Ghaeltachta san áireamh. Ta roinnt mhaith gnéithe den Tionscnamh seo a mbeidh tionchar nach beag acu ar ghníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta chun eacnamaíocht na Gaeltachta a fhorbairt. San áireamh anseo tá:

an laghdú sa ráta CBL (VAT) i leith seirbhísí san earnáil turasóireachta;

an laghdú ar an ráta ASPC (PRSI) d'fhostóirí i leith post a íocann suas go €356 in aghaidh na seachtaine;

an tionscnamh chun soláthar creidmheasa don earnáil fhiontraíochta a eascú; agus

rochtain níos fear ar dheiseanna soláthair a fhorbairt chun tacú le comhlachtaí.

Mar aon leis seo, cuireann mo Roinnse maoiniú ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun cuidiú leis a chuid spriocanna a bhaint amach. Ta suim de €6 milliún curtha ar fáil i Vóta mo Roinne mar sholáthar caipitil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha. Anuas ar an tsuim seo, tá sé curtha in iúl ag an Údarás go mbeidh fáil aige ar thuairim is €7.5 milliún eile i mbliana ó dhíol socmhainní.

Is léir mar sin, go mbeidh tionchar dearfach ag an Tionscnamh Post agus ag an tacaíocht atá mo Roinn féin ag cur ar fáil don eagraíocht ar an obair leanúnach atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta a chaomhnú agus a chruthú do phobal na Gaeltachta.

Top
Share