Is eol don Teachta go ndearna Pobal, a dhéanann reachtaíocht ar an gClár Forbartha Áitiúil agus Pobail ar son mo Roinn, iniúchadh ar Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) i Mí Eanáir 2010. Cé gur cuireadh toradh an iniúchadh agus na moltaí gaolmhara in iúl do MFG i Mí Meitheamh 2010, tá aghaidh le tabhairt ag MFG fós ar chuid de na ceisteanna a ardaíodh sa tuairisc.
Ceapadh feidhmeannach neamhsplách do MFG ar an 30ú Meitheamh 2011 chun scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna atá fós gan réiteach agus le meicníochtaí feiliúnach a aithint leis na ceisteanna seo a réiteach. Tá sé i gceist ag an gcoiste a gcinntí eatramhacha a chur faoi bhráid Pobal i lár Mí Lúnasa 2011.
Tá maoiniú sealadach faoin gClár Forbartha Aitiúil agus Pobail curtha ar fáil do MFG (go dtí Meán Fómhair 2011) chun tacú le críochnú na tuairisce eatramhach. Cuirfidh Pobal togra faoi bhráid mo Roinn bunaithe ar an méid atá le rá sa tuairisc sin. Tá súil le tuairisc deiridh an choiste faoi dheireadh Mí Meán Fómhair 2011, nuair a chuirfear faoi bhráid Bord Pobal é. Cuirfear moltaí i leith na tuairisce in iúl do mo Roinn ina dhiaidh sin.