Skip to main content
Normal View

An Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 October 2011

Thursday, 6 October 2011

Questions (109, 110)

Éamon Ó Cuív

Question:

110 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige maoiniú a chur ar fáil ó Chiste na Gaeilge do Chumann na bhFiann de bharr na hoibre tábhachta atá ar bun acu leis an óige, de bharr na béime atá ag an Straitéis 20 Bliain ar mhúineadh na teanga agus ar ghréasán imeachtaí taobh amuigh den scoil do dhaoine óga, más rud é go dtarraingíonn Foras na Gaeilge siar an maoiniú a bhí á chur ar fáil acu don Chumann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28020/11]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

111 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndearna an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faomhadh ar phlean cistíochta Fhoras na Gaeilge don earnáil dheonach Gaeilge, cén uair a ndearna siad faomhadh air agus an bhfuil sé sásta go bhfuil an scéim ag obair go sásúil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28021/11]

View answer

Written answers

Tógfaidh me Ceisteanna Uimh 110 agus 111 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar fhreagraí atá tugtha agam ar Cheisteanna Dála le gairid faoin ábhar seo (Ceist Dála Uimh. 163 ar 22 Meán Fómhair 2011, Ceist Dála Uimh. 126 ar 28 Meán Fómhair 2011 agus Ceist Dála Uimh. 487 ar 4 Deireadh Fómhair 2011).

Mar chúlra, tuigfidh an Teachta go gcuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil faoi láthair do 19 n-eagraíocht, lena n-áirítear Cumann na bhFiann. Déanann mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh maoiniú ar Fhoras na Gaeilge, a thagann faoi choimirce na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Mar thoradh ar athbhreithniú seachtrach ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe a rinneadh d'Fhoras na Gaeilge, d'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas gur chóir an cur chuige bunmhaoinithe a athrú chun cur chuige níos sruthlínithe agus níos cost-éifeachtaí a chur i bhfeidhm. Go bunúsach, tá sé i gceist go mbeidh Foras na Gaeilge ag athrú ó mhúnla bunmhaoinithe do 19 n-eagraíocht go múnla iomaíoch, bunaithe ar scéimeanna faoina ndéanfar tosaíochtaí straitéiseacha éagsúla a sheachadadh. Ar ndóigh, beidh sé oscailte do Chumann na bhFiann, mar aon leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe eile, iarratas a dhéanamh faoin gcóras nua scéimeanna.

Is é an staid reatha ná go ndearna Bord Fhoras na Gaeilge ocht ndréachtscéim a fhaomhadh ag a chruinniú ar 23 Meán Fómhair 2011. Tá na dréachtscéimeanna sin faoi bhreithniú ag na Ranna Urraíochta faoi láthair mar ullmhúchán don chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Deireadh Fómhair 2011. Tá sé aontaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas cheana go leanfar le bunmhaoiniú eatramhach a chur ar fáil do na heagraíochtaí go dtí 30 Meitheamh 2012.

Maidir le maoiniú a chur ar fáil do Chumann na bhFiann trí Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne (ar ar tugadh Ciste na Gaeilge roimhe seo), feictear dom nach mbeadh sé ag teacht le cuspóirí an athbhreithnithe atá idir lámha ag Foras na Gaeilge, le treoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh Theas, dá mbeadh mo Roinnse chun plé le réimsí oibre mar seo atá mar chúram ar Fhoras na Gaeilge.

Top
Share