Skip to main content
Normal View

Caiteachas Rannach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2011

Thursday, 13 October 2011

Questions (125)

Éamon Ó Cuív

Question:

127 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an méid airgid atá curtha ar fáil sna meastacháin athbhreithnithe do chaiteachas ar thithíocht sa Ghaeltacht, áiseanna pobail agus spóirt, bóithre, uisce agus séarachas agus oibreacha mara, an caiteachas faoi gach fomhír go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29374/11]

View answer

Written answers

Léirítear sna táblaí leis seo an soláthar caipitil atá curtha ar fáil sna meastacháin athbhreithnithe agus an caiteachas atá déanta go dtí seo i mbliana i leith na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Oileáin. Tá mé sásta go bhfuil soláthar dóthanach sna fomhíreanna seo le freastal ar riachtanais na Gaeltachta agus na n-oileán i mbliana, ag cur san áireamh an maoiniú atá ceadaithe sna réimsí éagsúla agus atá le híoc ag an Roinn as seo go deireadh na bliana.

Fomhír

Soláthar

Caiteachas go dáta

D.1 Tithíocht, Áiseanna Caitheamh Aimsire, Bóithre, Uisce, Séarachas agus Muiroibreacha sa Ghaeltacht

€2,500,000

€1,326,624

D.8 Oileáin (soláthar caipitil)

€3,700,000

€2,468,600

Top
Share