Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí seo a leanas maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta:
go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:
(a) foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a infheistiú in earnálacha fiontraíochta ar leith; agus
(b) meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.
go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta; agus
go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chun bord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Tá na Cinn don mBille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá an Bille Gaeltachta le foilsiú in 2012, de réir chlár reachtaíochta an Rialtais.
Tá próiseas comhairliúcháin cuimsitheach curtha i gcrích ag mo Roinn le blianta beaga anuas i ndáil le hullmhú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh, beifear ag dul i gcomhairle le pobal na Gaeltachta, agus leis an bpobal i gcoitinne, ag amanna cuí de réir mar a bheidh bearta éagsúla na Straitéise á gcur i bhfeidhm.
Tá céimeanna sa treis ag mo Roinn chun cead na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a fháil chun príomhfheidhmeannach buan a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta.