Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 286, 287 agus 288 le chéile.
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Deireadh Fómhair, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.
Iarradh ar Fhoras na Gaeilge roinnt céimeanna a thógáil chun an próiseas athbhreithnithe a thabhairt chun cinn, eadhon:
tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;
a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;
an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;
cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna;
plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne; agus
tuarascáil eile ar an dul chun cinn a sholáthar don chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Feabhra seo chugainn.
I bhfianaise na gcinntí sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí domsa a bheith ag tabhairt mo bhreithiúnais maidir leis an samhail mhaoinithe nua i láthair na huaire.