Skip to main content
Normal View

Meitheal Forbartha na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011

Tuesday, 18 October 2011

Questions (286)

Peadar Tóibín

Question:

302 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige, i gcomhairle an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, fiosrúchán a dhéanamh agus tuairisc iomlán a thabhairt maidir leis na deacrachtaí atá ag an gcomhlacht MFG [30175/11]

View answer

Written answers

Mar a thuigeann an Teachta, eascraíonn na deacrachtaí atá luaite aige as iniúchadh a rinneadh ar MFG ag Pobal, comhlacht a thagann faoi chúram na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tuigtear dom go bhfuil an Roinn sin agus Pobal ag scrúdú meicníochtaí a chinnteodh go leanfaí ag seachadadh na seirbhísí a bhíodh á soláthar ag MFG sa Ghaeltacht. Ní gá dom a rá go bhfuil súil agam go mbeifear in ann teacht ar réiteach den chineál sin chomh luath agus is féidir.

Questions No. 303 and 304 answered with Question No. 48.
Top
Share