Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011

Tuesday, 18 October 2011

Questions (396)

Peadar Tóibín

Question:

415 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil straitéis aige chun oibriú leis na páirtithe leasmhara chun togra Chalafort Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe, a chur chun cinn. [30183/11]

View answer

Written answers

Ceann de shé Lárionad Cuain Iascaigh a bhfuil mo Roinn freagrach astu is ea Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl. Tuigim go maith an méid uathúil agus luachmhar a chaithfidh Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a chur le tionscal na hiascaireachta agus leis an timpeallacht eacnamaíoch níos leithne.

D'ainneoin an timpeallacht eacnamaíoch reatha ina bhfuilimid ag feidhmiú, lean mo Roinn de mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh oibreacha cothabhála, forbartha, agus uasghrádaithe ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl mar chuid de Chlár Forbartha mo Roinne sa bhliain reatha um Lárionaid Chuain Iascaigh agus um Bonneagar Cósta.

Fáiltíonn mo Roinn roimh dhearcthaí agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl agus go deimhin d'éascaigh sí Fóram d'Úsáideoirí Cuanta ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl ar an gCéadaoin 12 Deireadh Fómhair 2011. Is deis uathúil é an Fóram d'Úsáideoirí Cuanta do na páirtithe leasmhara éagsúla chun a ndearcthaí a chur in iúl agus chomh maith chun faisnéis ábhartha cothrom le dáta maidir leis an gcuan a chloisteáil iad féin.

Top
Share