Skip to main content
Normal View

Gníomhaireachtaí Rannach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2011

Thursday, 20 October 2011

Questions (117, 118)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

117 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú atá curtha ar fáil do na háisíneachtaí faoi choimirce na Roinne, na háisíneachtaí trasteorann ina measc, le deich mbliana anuas (2000-2010), cén céatadán den mhaoiniú sin a caitheadh ar chostas riaracháin na n-áisíneachtaí faoi seach, agus cén céatadán den chostas riaracháin a caitheadh ar thuarastail sna háisíneachtaí faoi seach sa tréimhse sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30441/11]

View answer

Written answers

Mar a bheidh ar eolas ag an Teachta, bunaíodh mo Roinn ar an 2 Meitheamh 2011. Déantar mionsonraí na leithdháiltí caiteachais a chuirtear ar fáil do chomhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn a fhoilsiú gach bliain in Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe agus sa Chuntas Leithreasa. Áirítear in Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe Ráitis Ghníomhaireachta mhionsonraithe a léiríonn méid an mhaoinithe a caitheadh ar riarachán agus ar phá le linn na bliana roimhe sin.

Tá na foilseacháin seo le fáil ar shuíomhanna gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ionas go mbeidh sé níos éasca teacht orthu, seo a leanas an nasc ag a bhfuil cóipeanna d'Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe le fáil: http://per.gov.ie/estpubexp2011/

Tá na Cuntais Leithreasa Bhliantúla le fáil ag an nasc seo leanas: http://audgen.gov.ie/viewdoc.asp?DocID=-1&CatID=3&UserLang=EN&m=6

Aengus Ó Snodaigh

Question:

118 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad airgid atá caite ag na háisíneachtaí faoi choimirce na Roinne, na háisíneachtaí trasteorann ina measc, le trí bliana anuas ar chomhairleoirí gnó agus ar chomhairle dlí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30442/11]

View answer

Tá an t-eolas a cuireadh ar fáil do mo Roinnse ó na gníomhaireachtaí atá faoina cúram i dtaca leis an méid airgid a caitheadh ar chomhairle gnó agus dlíthiúil le trí bliana anuas leagtha amach sa tábla thíos.

Ainm an Chomhlachta

An méid a caitheadh ar Chomhairle Gnó & Dlíthiúil in 2009

An méid a caitheadh ar Chomhairle Gnó & Dlíthiúil in 2010

An méid a caitheadh ar Chomhairle Gnó & Dlíthiúil go dtí seo in 2011

Iomlán

Uiscebhealaí Éireann

€348,651

€209,380

€120,604

€678,635

An Foras Teanga: Foras na Gaeilge

€233,413

€171,855

€81,835

€487,103

An Foras Teanga: Gníomhaireacht na hUltaise*

€9,615

€3,236

€1,060

€13,911

Údarás na Gaeltachta

€720,261

€482,507

€181,612

€1,384,380

Dánlann Ealaíne Crawford

€73,493

€207,939

€143,689

€425,121

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

€97,788

€194,976

€107,163

€399,927

An Chomhairle Oidhreachta

€167,372

€113,712

€107,849

€388,932

Dánlann Náisiúnta na hÉireann

€166,871

€222,985

€205,036

€594,892

An Ceoláras Náisiúnta

€520,757

€248,321

€140,305

€909,383

Ard-Mhúsaem na hÉireann

€49,155

€13,823

€25,587

€88,565

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

€42,000

€16,000

€18,000

€76,000

An Chomhairle Ealaíon

€26,902

€25,120

€11,478

€63,500

Bord Scannán na hÉireann

€380,661

€267,715

€196,625

€845,001

*Úsáideadh na rátaí malairte airgid seo a leanas agus an caiteachais thuas á ríomh: 2011 — €1 = £0.82; 2010 — €1 = £0.89; 2009 — €1 = £0.78.

Top
Share