Skip to main content
Normal View

Meitheal Forbartha na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 2 November 2011

Wednesday, 2 November 2011

Questions (267, 268, 269)

Éamon Ó Cuív

Question:

273 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a chuirfear socruithe in áit chun na seirbhísí a bhíodh á gcur ar fáil ag MFG sa Ghaeltacht a chur ar fáil; an bhféadfadh sé a mhíniú cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an gceist seo ón 14 Meán Fómhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31864/11]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

274 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad iad na socruithe atá déanta aige chun deontais a íoc faoin gClár Leader le daoine a bhí ag plé le MFG; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31865/11]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

275 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a chuirfear an cruinniú a gealladh dom sa Dáil ar an 14 Meán Fómhair ar bun idir ionadaithe tofa an Oireachtais as na toghcheantair a bhfuil Gaeltacht iontu agus a Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31866/11]

View answer

Written answers

Tá sé i gceist agam Ceist Uimh. 273, 274 agus 275 a ghlacadh le chéile.

Bhí conradh sínithe ag an Roinn seo le Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) le haghaidh Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) agus an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail agus riarann MFG cláranna eile ar son na Roinne seo agus Roinne eile.

Tá ceisteanna casta dlíthiúla agus conarthacha le réiteach agus tá mo Roinn ag obair ar réitigh fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a fháil le haghaidh Chlár Forbarta Tuaithe (CFT) agus cláir eile sa Ghaeltacht. Is é mo chuspóir réiteach éifeachtach a fháil agus é a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Maidir le hiarratas an Teachta ar chruinniú le hoifigigh na Roinne, níl eolas breise ar fáil faoi láthair maidir le MFG ach beidh mo Roinn i dteagmháil leis an dTeachta nuair atá tuilleadh eolais ar fáil.

Top
Share