Tá i gceist agam Ceisteanna Uimh. 293, 294, 295, agus 296 a thógáil le chéile.
Faoi mar is eol don Teachta, tá scéim ag mo Roinn faoina gcuirtear cúnamh ar fáil do ghrúpscéimeanna uisce agus séarachais sa Ghaeltacht. Cé nach bhfuil an scéim sin curtha ar fionraí go foirmiúil, níl mo Roinn ag glacadh le hiarratais nua faoin scéim faoi láthair de bharr méid na ngealltanas atá ar láimh aici. Go deimhin, cuireadh in iúl d'fhiafraitheoirí éagsúla ó chomhairlí contae ó thús na bliana seo — ar a n-áirítear cás amháin ó Chontae Mhaigh Eo a luadh go sonrach — nach bhfuil mo Roinn ag glacadh le hiarratais nua faoin scéim.
Cuireadh soláthar €20,000 ar fáil don scéim in 2011 le freastal a dhéanamh ar scéimeanna atá ceadaithe le tamall. Cé nach bhfuil an soláthar seo caite go fóill, táim dóchasach go mbeidh a dhóthain ann le freastal a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann i mbliana.