Éamon Ó Cuív
Question:298 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige fóirdheontais a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla a bhfuil céibheanna oileánda faoina gcúram a mbíonn seirbhísí fóirdheonaithe farantóireachta ag teacht chucu agus ag imeacht uathu agus an bhfuil costais arda reáchtála ag baint leo le cuidiú leis an gcostas maireachtála, atá i bhfad níos airde ar na hoileáin cheana féin, a choinneáil síos; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33129/11]
View answer