Fuarthas iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta / Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2011 ón duine ainmnithe ar an 11 Bealtaine 2011. Faoi na Téarmaí agus Coinníollacha a rialaíonn scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, ní mór d'iarratasóirí dlús stoic íosta de 0.15 aonad beostoic in aghaidh an heicteáir foráiste dearbhaithe a choinneáil ar a ngabháltas, ar feadh tréimhse trí mhí as a chéile ar a laghad i rith bhliain an iarratais.
Scríobhadh chuig an duine ainmnithe ar an 1 Meán Fómhair 2011, ag tabhairt cuireadh dó fianaise chuí a sheoladh isteach maidir le líon na mbeostoc á gcoinneáil ar an ngabháltas, mar gheall gur thaispeáin taifid na Roinne nach raibh an dlús stoic íosta bainte amach ag an duine ainmnithe fós. Sheol an duine ainmnithe fianaise isteach go raibh 5 Eachaí ar an ngabháltas. Mar gheall nach ndéanann sé sin an riachtanas maidir le stoc a shásamh, scríobhadh chuig an duine ainmnithe arís ar an 20 Deireadh Fómhair 2011 ag cur an staid reatha in iúl dó agus ag lorg fianaise ar bheostoc ar bith eile ar an ngabháltas. Tar éis freagra shásúil a fháil, déanfar tuilleadh próiseála ar an iarratas d'fhonn íocaíocht a dhéanamh go luath.