Skip to main content
Normal View

Tionscal na Feamainne

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 November 2011

Thursday, 24 November 2011

Questions (45)

Seán Crowe

Question:

45 D’fhiafraigh Seán Crowe den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis ráiteas a dhéanamh ar thodhchaí Arramara Teoranta agus ar fhorbairt thionscal na feamainne. [36566/11]

View answer

Written answers

Is comhlacht é Arramara Teo atá faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta ó mhí Dheireadh Fómhair 2006, nuair a díoladh scairsheilbh an Stáit sa chomhlacht leis an Údarás ar luach ainmniúil.

Tuigtear dom ón Údarás go bhfuil saineolas, scil, taighde, acmhainní agus infheistíocht ag teastáil chun Arramara Teo a fhorbairt tuilleadh agus chun todhchaí an chomhlachta a chinntiú. Mar gheall ar sin, chinn an tÚdarás páirtnéir straitéiseach a lorg d'Arramara Teo, a mbeadh sé d'acmhainn aige na riachtanais sin a shásamh. Ceapadh na comhairleoirí airgeadais Farrell Grant Sparks le bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas seo i gcomhar leis an Údarás. Tá an próiseas fós ar siúl agus tuigtear dom go bhfuil spéis léirithe ag comhlachtaí Éireannacha agus idirnáisiúnta ann.

Tá sé mar bhunriachtanas den phróiseas go mbeidh saineolas, acmhainní gnó agus cumas infheistíochta ag aon pháirtí a roghnófar ionas go mbeidh na gnéithe sin mar bhunchloch forbartha d'Arramara Teo. Treiseoidh an cur chuige seo cumas Arramara Teo chun táirgí breisluacha a fhorbairt a thacóidh le hinmharthanacht an chomhlachta agus na hearnála próiseála feamainne. Tuigtear dom fosta ón Údarás go bhfuiltear ag súil moladh faoin bpáirtnéir straitéiseach a chur faoi bhráid bhord an Údaráis go luath. Tá mé dóchasach go rachaidh an próiseas seo chun leasa Arramara Teo, a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála próiseála feamainne i gcoitinne. Aithníonn an tÚdarás an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil seo. Is chuige sin atáthar ag lorg páirtnéara a bheidh in ann breisluach a chur le táirgí Arramara Teo agus bonn láidir a chur faoin bhfostaíocht san earnáil thábhachtach seo.

Top
Share