Mar is eol don Teachta, tá leithdháiltí caiteachais mo Roinne-se ag leibhéal fo-mhírchinn foilsithe sna Meastacháin Athbhreithnithe agus tá próifílí caiteachais foilsithe don bhliain 2011 ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá leithdháiltí mo Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn ar fáil ag an nasc seo a leanas chun gur féidir tagairt a dhéanamh dóibh go héasca: http://per.gov.ie/wp-content/uploads/2011-REV.pdf
Tá caiteachas maidir le próifílí foilsithe ar fáil ag an nasc seo a leanas: http://www.finance.gov.ie/documents/exchequerstatements/2011/analexpendnov.pdf
Mar eolas don Teachta, ar an 30 Samhain 2011, ba é €40.512m caiteachas caipitil mo Roinnse agus faoi láthair níl mo Roinnse ag súil le haon choigilteas substaintiúil ina leithdháileadh caipitil don bhliain seo. Mar is eol don Teachta freisin, cé go ndéantar monatóireacht agus bainistiú ar bhonn rialta ar chaiteachas mo Roinne-se i gcoibhneas le próifíl ag leibhéal fo-mhírchinn, gur figiúirí sealadacha figiúirí caiteachais leanúnacha dá leithéid agus tá siad faoi réir phromhadh inmheánach trí chóras bainistíochta airgeadais mo Roinne-se agus, ar deireadh, faoi réir phromhadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Dá mbeadh tuarascálacha mionsonraithe eatramhacha ar chaiteachas ag leibhéal fo-mhírchinn le foilsiú roimh dheireadh na bliana, feictear dom go mbeadh breis promhaidh ag teastáil, chomh maith le méid díréireach ama agus oibre ar bhonn leanúnach, agus go mbeadh sé deacair cur chuige dá leithéid a chosaint.