Skip to main content
Normal View

Áras Shorcha Ní Ghuairim

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 December 2011

Wednesday, 14 December 2011

Questions (153)

Éamon Ó Cuív

Question:

155 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige deontas a íoc le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2012 i leith Áras Shorcha Ní Ghuairim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40260/11]

View answer

Written answers

Tá allúntas de €1m á chur ar fáil ag mo Roinnse d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge don bhliain acadúil 2011/2012. Cuimsítear san allúntas seo na hionaid Ghaeltachta ar fad atá faoi scáth an Acadaimh. Is faoin Acadamh atá sé an t-allúntas seo a bhainistiú agus a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla i gcomhréir lena gcuid pleananna do na hionaid atá acu sa Ghaeltacht.

Top
Share