Skip to main content
Normal View

Rialacháin Foirgníochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 January 2012

Tuesday, 24 January 2012

Questions (395)

Robert Dowds

Question:

420 D’fhiafraigh Robert Dowds den Aire Pobail agus Rialtais Áitiúil an dtabharfaidh sé figiúirí i dtaobh líon na mbloc árasán cónaitheach a tógadh i ngach limistéar údaráis áitiúil ó 2000, cé mhéad acu a ndearna oifigigh ón mbriogáid dóiteáin iniúchadh orthu lena chinntiú gur chloígh siad le deimhnithe sábháilteachta dóiteáin agus cé mhéad acu a fuair fógra sábháilteachta dóiteáin óúdaráis áitiúla agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3322/12]

View answer

Written answers

Níl an t-eolas faoi na h-uimhreacha árasáin críochnaithe i ngach limistéar údaráis áitiúil ó 2000 ar fáil i mo Roinn. Cláraíonn agus foilsíonn mo Roinn staidreamh ar chríochnú tithe gach bliain a mhionsonraítear de réir údaráis áitiúil agus de réir cineáil tithíochta, lena n-áirítear árasáin. I gcás forbairtíárasáin, áfach, is é an uimhir aonad tithíochta a chláraítear, in ionad na bloic árasáin.

Forálann Cuid III de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997 do eisiúint Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán (DSD) ag údarás rialú foirgníochta. Deimhneoidh an DSD go bhfuil na n-oibreacha, nó na foirgnimh, má tógadh iad de réir na pleananna, na doiciméid agus eolas a chuirtear isteach, na riachtanais Páirt B (Sábháilteachta ó Dhóiteán) de na Rialacháin á chomhlíonadh. Caithfear DSD a fháil le haghaidh catagóiríéagsúla foirgnimh agus oibreacha a shonraítear sna Rialacháin lena n-áirítear tógáil nó athrúábhartha ar áitribh thráchtála, ionaid oibre agus cóimeála, foirgnimh institiúideach agus na limistéir chomhchoiteanna de bhloic árasáin. Cé go bhfuil staidreamh ag mo Roinn le haghaidh deimhnithe sábháilteachta dóiteáin agus ar scrúdaithe déanta ag oifigigh dóiteáin, níl aon idirdhealú ann idir na catagóiríéagsúla d'fhoirgnimh i gceist.

Leagtar freagracht ar aontú leis na Rialacháin Foirgníochta agus na Rialacháin um Rialú Foirgníochta ar an dearthóir, tógálaí, agus úinéir an fhoirgnimh. Leagtar freagracht na Rialacháin a chur i bhfeidhm ar na h-údaráis áitiúil um rialú tógála.

Top
Share