Skip to main content
Normal View

An Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Questions (3, 4, 5)

Willie O'Dea

Question:

49Deputy Willie O’Dea den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5261/12]

View answer

Michael Colreavy

Question:

56Deputy Michael Colreavy den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén polasaí atá aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tsochaí shibhialta in Éirinn. [5183/12]

View answer

Martin Ferris

Question:

72Deputy Martin Ferris den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na céimeanna sonracha a thógfar i mbliana chun an Straitéis Fiche Bliain a chur i bhfeidhm; agus céard iad na míreanna sa Straitéis nach bhfuil sé i gceist aige iad a fheidhmiú. [5187/12]

View answer

Oral answers (9 contributions)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 49, 56 agus 72 le chéile.

Tá polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge rianaithe sa straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá an straitéis leagtha amach chun cur chuige iomlánaíoch, comhtháite, i ndáil leis an nGaeilge a chur chun cinn, ar cur chuige é a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Leagtar naoi réimse gnímh amach sa straitéis, lena n-áirítear an t-oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, an pobal, seirbhísí poiblí, an eacnamaíocht agus na meáin. Tá spriocanna sonracha luaite sa straitéis chun cur le líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge in Éirinn.

Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis a chur i gcrích. Díríodh go príomha ar na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a bhunú, lena n-áirítear an t-aonad straitéise i mo Roinn féin atá freagrach as feidhmiú na straitéise a threorú agus as na grúpaí oibre ard-leibhéil atá bunaithe le príomh-pháirtithe leasmhara na straitéise.

Tá plean forfheidhmithe trí bliana mo Roinne maidir le cur i bhfeidhm na straitéise don tréimhse 2012 go 2014 á ullmhú faoi láthair. Tógfaidh an plean trí bliana ar an bplean forfheidhmithe do 2011, a d'fhoilsigh mo Roinn anuraidh. Díreoidh an plean úr ar na gníomhaíochtaí gur féidir le mo Roinn a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse ó 2012 go 2014, i gcomhar le páirtithe leasmhara eile. Beidh mo Roinn ag tabhairt tosaíochta i mbliana don Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí Rialtais maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe don straitéis agus maidir leis an sainmhíniú úr don Ghaeltacht.

Cé go bhfuil freagracht fhor-iomlán ar mo Roinnse don straitéis, is léir gur i gcomhar le páirtithe leasmhara eile a bheifear ábalta an straitéis a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, tá cinneadh déanta agam grúpa idir-rannach a bhunú, faoi mo chaothaoirleacht féin, chun cur i bhfeidhm na straitéise a éascú. Chomh maith leis sin, táthar ag beartú cruinnithe dé-thaobhacha a eagrú idir oifigigh mo Roinne agus Ranna eile chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn.

Tá sé ráite i gclár an Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis agus go gcuirfear na spriocanna insroichte atá beartaithe inti i gcrích. Tá an traitéis á cur i bhfeidhm faoi láthair taobh istigh de na hacmhainní atá ag an Státchiste. De réir mar a fheabhsóidh cúrsaí eacnamaíochta, bheinn ag súil ag gcuirfear tuilleadh acmhainní i dtreo na straitéise, sa chaoi is go mbeifear in ann na spriocanna uile faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Níl mé cinnte ón bhfreagra cad iad na páirteanna den straitéis atá curtha i bhfeidhm. B'fhéidir go dtabharfaidh an Aire Stáit an eolas sin dúinn. Labhair an Aire, an Teachta Dennihan, faoi chúrsaí cultúrtha ar nós ceol Gaelach. Ba mhaith liom freagra a fháil ar an gceist seo, a bhaineann le cúrsaí cultúrtha, oideachais, pleanála agus turasóireachta.

Tá dúshlán na straitéise á chur síos againn. Mar a dúirt mé i mo fhreagra, tá an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm ag ionad straitéise i mo Roinn. Tá fochoistí ina thagann oifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; an Roinn Oideachais agus Scileanna, go speisialta; agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le chéile. Beidh páirt lánach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcur chun cinn na straitéise. Beidh ionadaithe sinsearacha os na Ranna uilig ar coiste idir-rannach, faoi mo chathaoirleacht féin, chun monatóireacht a dhéanamh ar cur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise. Tá an-chuid oibre déanta ar Bille na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar shampla. Tá cinn an Bhille sin réidh chun dul os comhair an Rialtais gan mhoill. Má tá tacaíocht an Rialtas le fáil, rachfaidh an Bille chuig an dréachtóir. Tá súil agam go mbeimid ábalta an Bille a thabhairt isteach am éigin i rith na bliana seo.

Beidh tionchar mór agus impleachtaí móra ag an mBille d'Údarás na Gaeltachta. Tá todhchaí an údaráis socair. Beidh an t-údarás ann. Beidh cúraimí fiontraíochta ag an údarás. Tá airgead agus maoin - €6 milliún - curtha ar fáil don bhliain amach romhainn. Tá athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag dul ar aghaidh. Sílim gurb é inniu an lá deireanach. Dearbhaím don Teachta agus na Teachtaí eile go bhfuil ar a laghad 1,200 suirbhé faighte, i dteannta le cúpla céad acmhainní agus moltaí freisin. Mar sin, tá freagra an-dheimhneach ag teacht ón bpobal mar thoradh ar an athbhreithniú atá ar siúl, agus a d'fhógair mé ag an Oireachtas i gCill Airne san fhómhar. Mar a dúirt mé leis an Teachta Tóibín, nuair a d'iarr sé mar gheall ar na heagrais, tá athbhreithniú á dhéanamh againn. Tá an-chuid oibre mar sin ag dul ar aghaidh. B'fhéidir nach bhfeiceann an Teachta é go léir. Tá sé cosúil le iceberg - ní fheicimid ach an pointe a ghobann amach ón uisce, ach tá go leor de faoin uisce. B'fhéidir go bhfuil sé cosúil le lacha - tarlaíonn níos mó faoin uisce ná mar a bhíonn le feiceáil os cionn an uisce. Is fíor é sin a rá chomh fada agus a bhaineann sé leis an Roinn agus le straitéis na Gaeilge.

Cheap mé go raibh an Aire Stáit níos cosúil le eala ná lacha, ó thaobh an méid oibre atá á dhéanamh aige faoin uisce. Ba mhaith liom pointe iontach tábhachtach a dhéanamh. B'fhéidir go mbeidh an glúin seo an glúin deireanach a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil sa Ghaeltacht. Tá an-chuid brú orainn sa chomhthéacs sin. Caithfimid a lán a dhéanamh chun é seo a fheabhsú. Maidir leis an cheist a thairg mé mar gheall ar an tsodhchaí sibhialta, tá obair déanta ag an Rialtas, agus ag an Rialtas roimhe seo, ar straitéis na Gaeilge. B'fhéidir gur cheart dúinn cuireadh a thabhairt dos na heagraíochtaí sibhialta teacht isteach agus iarrraidh orthu na rudaí céanna a chur ar siúl ina n-eagraíochtaí féin. Tá mé ag smaoineamh ar a leithéid de Chumann Lúthchleas Gael, an Irish Rugby Football Union nó an Football Association of Ireland, nó na heaglais fiú. Mholfainn ceist a chur ar na heagraíochtaí sibhialta timpeall na tíre an féidir leo níos mó Gaeilge a labhairt ina n-eagraíochtaí féin. B'fhéidir go mbéadh siad in ann fógraí eolais a chur amach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá obair déanta ag Cumann Lúthchleas Gael chun na chomharthaí ar pháirceanna imeartha a bheith i mBéarla agus i nGaeilge. D'fhéadfadh an IRFU agus an FAI an saghas oibre sin a dhéanamh. B'fhéidir go bhféadfadh na heagraíochtaí sin gnó a dhéanamh i nGaeilge leis na daoine a bhíonn i dteagmháil leo, nó, ar a laghad, rogha a thabhairt do dhaoine é sin a dhéanamh.

Iarraim ar an Aire Stáit, nuair atá sé ag eagrú an ruda seo, ní hamháin go ndíreodh sé isteach ar eagraíochtaí poiblí ach go dtabharfadh sé cuireadh chomh maith dos na heagraíochtaí príobháideacha, ar a laghad chun an cheist a phlé.

Gabhaim buíochas arís leis an Teachta as na tuairimí atá á chur i láthair aige. Maidir leis na heagraíochtaí buanmhaoinithe, caithfear a admháil go bhfuil obair an-mhaith á dhéanamh. Tá siad dáiríre agus ag obair go dícheallach ar son na teanga. Is é an teip atá orainn go dtí seo ná go bhfuil an comhairle cúng go leor agus go bhfuil teipthe air dul i bhfeidhm ar an phoball leathan. Tá an Teachta tar éis eagraíochtaí a lua a mbíonn teagmháil laethúil, rialta acu lena gcuid baill féin.

Ins an straitéis, beimid ag tabhairt seans dos na pobaill pleananna teanga a ullmhú, taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Tá eagraíochtaí eile amuigh ansin, nach eagraíochtaí maoinithe iad, a dhéanann go leor ar son na Gaeilge. Tá dea-thoil agus dea-mhéin ann. Aontaím leis an Teachta gur cheann des na dúshláin atá againn ná úsáid a bhaint as an dea-thoil agus an dea-mhéin atá imeasc an phobaill. Ní fhaigheann siad an tseans. B'fhéidir gurb fhiú an cuireadh agus an spreagadh a thabhairt dóibh a bheith páirteach ins an ngluaiseacht seo. Ní éireoidh linn muna dtig linn dul i bhfeidhm ar an phoball go ginearálta.

Sin an rud a deir an straitéis, go gcaithfimid líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú taobh amuigh den Ghaeltacht agus ins an Ghaeltacht féin. Go dtí seo níl ag éirí linn é a dhéanamh chomh maith agus ba mhaith linn. Aon eagraíocht atá amuigh ansin, is cinnte gur cóir dúinn iarraidh air teacht linn ins an fheachtas náisiúnta seo.

Aontaím go bhfuil géarchéim ann. B'fhéidir gur seo uair na cinniúna don Ghaeilge agus go gcaithfimid úsáid a bhaint as gach seift, gach eagraíocht, gach dream agus gach duine a bhfuil dea-thoil nó tacaíocht nó suim acu ins an teanga.

Cén comhoibriú atá ar fáil ag an Aire Stáit ón Roinn Oideachais agus Scileanna? Tá an Roinn sin an-thábhachtach don straitéis?

Aontaím leis an Teachta agus tá sin ráite agam. I gceann des na freagraí a thug mé thagair mé do thábhacht na Ranna Oideachais agus Scileanna. Tá dúshlán mór ansin, mar tuigimid go léir go bhfuil sé iontach tábhachtach go ndéantar an teanga a theagasc ins na scoileanna, agus fiú roimh an bhunscoil. Sin an fáth go bhfuil fo-choiste idir mo Roinn féin agus oifigigh sinsearacha ins an Roinn Oideachais agus Scileanna, a thagann le chéile go rialta. Tá coiste Rialtais ann chomh maith a bhfuil an Taoiseach é féin mar chathaoirleach air. Ar an choiste sin tá an t-Aire Oideachais agus Scileanna é féin, rud a léiríonn go dtuigimid-ne tábhacht na Ranna sin.

Tá eagraíochtaí eile a bhfuilimid ag fáil comhairle uathu, cosúil leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus daoine mar sin. Aontaím leis an Teachta go mbéadh páirt lárnach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus go speisialta ag an Ghaeilge ins an chóras oideachais, i gcur i bhfeidhm agus i mbaint amach na straitéise.

An féidir linn miontuairiscí na gcruinnithe sin a fháil ionas go mbeidh a fhios againn agus ag na heagraíochtaí Gaeilge cad a bhíonn á phlé nuair a bhuaileann an coiste idir-rannach? An bhfuil aon chóras chun tuairisc fhoirmiúil a chur amach, ionas go mbeidh a fhios againn cad a bhíonn á phlé ag na gcruinnithe tábhachtacha sin, ar a bhfuil an Taoiseach i gceannas?

Aontaíonn an Aire Stáit leis an smaoineamh a mhínigh mé cúpla nóiméad ó shin maidir leis na heagraíochtaí eile atá sa tír. An féidir leis cuireadh foirmiúil a thabhairt do gach ceann dóibh anois? Tá daoine sa Ghaeltacht i dteagmháil leis an IFA, na ceardchumainn agus grúpaí eile. B'fhéidir gur cheart don Aire Stáit cuireadh foirmiúil a shíneadh amach inniu nó i rith na seachtaine chun na heagraíochtaí a mhealladh go dtí Tithe an Oireachtais chun na hábhair seo a phlé agus saghas plean a fhorbairt taobh istigh iontu.

D'iarr an Teachta orm socruithe a dhéanamh ionas gur féidir leis na heagraíochtaí a fheicimid go minic i ngort na Gaeilge a gcuid tuairimí a nochtú. Is féidir é sin a dhéanamh. Nuair a bhí mé mar bhall don choiste Oireachtais a bhí ag plé le cúrsaí Gaeilge, thugamar cuirí do go leor eagraíochtaí teacht isteach. Tháinig go leor dóibh isteach. Ba chóir go mbeadh an ról sin ag an gcoiste. Tá an coiste ag plé le cultúr agus le teanga. B'fhiú don choiste bheith páirteach anseo chomh maith. Táimid ag iarraidh é a leathnú amach. Tá an Roinn i gceannas, ach ba chóir go mbeadh na heagraíochtaí in ann a gcuid tuairimí a chur in iúl don chomhchoiste Oireachtais. B'fhéidir go gcuirfeadh an choiste tuairisc i láthair bunaithe ar an méid a chloisfidh baill an choiste. Bíonn cruinnithe ag an gcoiste go rialta. Bíonn fonn ar dhaoine teacht isteach. Nuair a bhí mé mar Chathaoileach ar an gcoiste, tháinig go leor daoine, dreamanna agus eagraíochtaí isteach chun a gcuid tuairimí ar an teanga agus ar an cultúr a nochtú.

Ní dóigh liom go bhfuil freagra iomlán agam ar an dara ceist a chur an Teachta, a bhain leis an bhféidearthacht miontuairiscí na gcruinnithe a bhíonn ag an gcomhchoiste Rialtais a fháil. Níl mé mar bhall don Rialtas - níl ionam ach Aire Stáit - ach sílim go mbeadh deacrachtaí ina leith sin. Níl mé ag labhairt anseo le údarás iomlán, ach ceapaim go mbeadh sé deacair miontuairiscí aon chruinniú Rialtais, nó coiste Rialtais, a eisiúnt. Is féidir liom soiléiriú ar an gceist sin a fháil. D'iarr an Teachta freisin an féidir tuairisc a chur ar fáil maidir leis na cruinnithe a bhíonn ag an gcoiste idir-rannach. Níl mé ábalta freagra a thabhairt, ach déanfaidh mé fiosrúcháin agus gheobhaidh mé amach cén stádas atá ag na comhráití sin. Má tá stádas Rialtais acu, beidh orainn fanacht 30 bliain chun a fháil amach cad a tharlaíonn iontu. Tá an riail chéanna i bhfeidhm sa Tuaisceart, i Sasana agus i ngach tír eile. B'fhéidir go bhfuil an stádas céanna ag an gcoiste seo, ach níl mé cinnte. Gheobhaidh mé eolas faoin scéal. Agus é sin déanta, is cinnte go mbeidh mé ábalta freagra a thabhairt don Teachta atá níos cruinne ná an freagra atá agam agus mé ag labhairt anseo.

Top
Share