Bhunaigh Foras na Gaeilge an scéim GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais) don scoilbhliain 2006/2007 chun aitheantas a thabhairt do shár-chleachtas i leith chur chun cinn na Gaeilge labhartha i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ar oileán na hÉireann ina mhúintear trí mheán an Bhéarla. Leasaíodh an scéim ina dhiaidh sin chun aitheantas a thabhairt do scoileanna, seachas do mhúinteoirí. Ós rud é go dtugtar aitheantas faoin scéim do scoileanna, níáirítear líon na ndaltaí sna scoileanna sin faoin scéim.
Tá príomhshonraí na scéime maidir le hollchostais agus rannpháirtithe tugtha sa dá thábla thíos. Ní mór dom a mhíniú don Teachta go dtógfadh sé an iomarca ama agus ionchur foirne chun an t-eolas ar fad atá iarrtha a chur le chéile. Táthar den tuairim nach mbeadh an obair sin ar chóimhéid leis na hacmhainní atá ar fáil. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go ndearnadh athbhreithniú ar an scéim GLEO anuraidh agus, mar thoradh air sin, go mbeidh athruithe áirithe á ndéanamh ar an scéim sula bhfógrófar arís í.
Tábla 1: Costais de réir bliana
GLEO
|
2006
|
2007
|
2008
|
2009
|
2010
|
2011
|
Costais tionscadail
|
€16,186.11
|
€75,678.80
|
€69,055.78
|
€106,232.38
|
€60,125.01
|
€56,644.89
|
Áiseanna
|
—
|
€50,826.05
|
—
|
€34,566.75
|
€14,977.38
|
—
|
Ollchaiteachas
|
€16,186.11
|
€126,504.85
|
€69,055.78
|
€140,799.13
|
€75,102.39
|
€56,644.89
|
Tábla 2: Líon na scoileanna agus na mbuaiteoirí
Scoilbhliain
|
2007/2008
|
2008/2009
|
2009/2010
|
2010/2011
|
Líon scoileanna
|
49
|
44
|
40
|
54
|
Líon buaiteoirí
|
21
|
16
|
12
|
17
|