Skip to main content
Normal View

Sheirbhísí Craolacháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 February 2012

Tuesday, 14 February 2012

Questions (354)

Éamon Ó Cuív

Question:

400 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an raibh comhráite aige le RTÉ maidir leis na ciorruithe atá déanta ag RTÉ ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar na bealaí craolacháin ar fad atá acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7898/12]

View answer

Written answers

Bhuail mé le RTÉ ar roinnt ócáidí le bliain anuas maidir le réimse leathan ábhar. Ina measc sin, bhí an aeráid reatha eacnamaíochta agus an tionchar atá aige sin ar RTÉ i dtéarmaí a dheacrachtaí maoinithe. Is craoltóir náisiúnta neamhspleách seirbhíse poiblíí RTÉ ar a bhfuil an sainchúram agus na dualgais a léirítear san Acht Craolacháin 2009. Léiríonn Alt 114 den Acht na príomh cuspóirí ag RTÉ, ina measc an ceanglas go soláthródh sí réimse cuimsitheach clár san dá theanga, Gaeilge agus Béarla, a léireodh éagsúlacht chultúrtha oileán na hÉireann ina iomláine.

Leagtar ar RTÉ ag Alt 102 den Acht go bhfoilseofaí sí Ráiteas Bliantúil i dtaobh Gealltanas Feidhmíochta ar aon dul lena cuid cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a bheadh i gceist ag RTÉ gealltanas a thabhairt ina dtaobh san mbliain airgeadais úd san áireamh ann. Leagtar ar RTÉ sa bhreis ar sin ag an Acht go ndéanfaidh Údarás Craolacháin na hÉireann athbhreithniú ar RTÉ ar bhonn an Ráitis i dtaobh an Ghealltanais Feidhmíochta arna fhoilsiú aici. Le déanaí fuair mé an Ráiteas i dtaobh Gealltanas Feidhmíochta de chuid RTÉ don mbliain 2012 agus ní hamháin go léiríonn RTÉ ann a tiomantas do chlársceidealú na Gaeilge ach go seasann sí lena tiomantas ann freisin.

Foráiltear faoi Alt 98 go mbeidh RTÉ neamhspleách agus í i mbun a cuid cuspóirí a chur i bhfeidhm, faoi réir ceanglas an Achta, agus uaidh sin níl aon ghnó agamsa, i gcáil dom mar Aire, i mbainistíocht ar chúrsaí RTÉó lá go lá, agus cúrsaí a bhaineann lena cuid craolacháin i leith na Gaeilge san áireamh. I gcáil dom mar Aire, áfach, táim go hiomlán sásta go bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a cuid dualgas i leith na Gaeilge, mura bhfuil sí ag dul thairis sin. Rud eile dhe, creidim go bhfuil an reachtaíocht láidir go leor chun féachaint chuige go leanann RTÉ d'athláithriú agus de chur chun cinn na Gaeilge.

Top
Share