Mar chuid de chinntí Buiséid 2012 atáthar tar éis a fhógairt, tiocfaidh deireadh le Tionscnamh na Nuatheangacha i mBunscoileanna ag deireadh na scoilbhliana 2011/2012.
Caithfear an €2.5 milliún de choigiltí a bheidh ann de bharr an bhirt seo ar chostas feidhmithe na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, atá ina thiomantas lárnach i gClár an Rialtais.
Ó ceapadh im Aire Oideachais agus Scileanna mé, táim tar éis labhairt arís agus arís eile faoin ngá le caighdeáin oideachasúla a ardú. Chomh fada is a bhaineann le leasú an churaclaim, is iad na tosaíochtaí sa tréimhse atá amach romhainn ná an ghnóthachtáil sa litearthacht agus san uimhearthacht a neartú, leasuithe a chur i bhfeidhm sa mhatamaitic, sa Ghaeilge agus san eolaíocht, agus leasuithe sa Teastas Sóisearach a chur chun cinn.
Faoi Thionscnamh na Nuatheangacha fostaíonn tuairim is 270 bunscoil teagascóirí páirtaimseartha chun teagasc teanga a sholáthar. Íocann Boird Bhainistíochta scoileanna na teagascóirí seo as deontais a eisíonn mo Roinnse. Tiocfaidh deireadh le fostú teagascóirí ag na scoileanna seo faoi Thionscnamh na Nuatheangacha ag deireadh na scoilbhliana reatha.