Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2012

Tuesday, 21 February 2012

Questions (369)

Peadar Tóibín

Question:

404 D’fhiafraigh Peadar Tóibin den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ós rud é gur eagraíocht é Foras na Gaeilge atá freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT), do na Ranna atá faoi cheannas an Aire Jimmy Deenihan agus an Aire Carál Ní Chuilin go háirithe, agus gur eagraíocht uile-oileáin é, agus réimse leathan cúraimí air, ach éfreagrach as an nGaeilge a chur chun cinn go sonrach, rud a chiallaíonn gur eagraíocht é atá ag plé le cúraimí a thagann faoi scáth na pleanála teanga, cén fáth, mar sin, nach bhfuil oiread is duine amháin atá cáilithe sa Phleanáil Teanga fostaithe ag Foras na Gaeilge; cé go bhfuil cáilíocht pleanála teanga ag leibhéal máistreachta ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le thart ar cúig bliana anuas, tráth a bhfuil go leor fostaíochta curtha ar fáil ag an eagraíocht. [9643/12]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 111 ar 1 Feabhra 2012.

Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur ceist í d'Fhoras na Gaeilge sa chéad áit cinntí a dhéanamh faoi na cáilíochtaí a mheastar a bheadh riachtanach d'aon phost san áisíneacht.

Top
Share