Skip to main content
Normal View

Seirbhís Fiaclóireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 February 2012

Tuesday, 28 February 2012

Questions (633)

Éamon Ó Cuív

Question:

686 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén fáth ar stopadh an tseirbhís fiaclóireachta san Ionad Sláinte i gCarna; cén fáth ar baineadh an trealamh as gan aon réamhphlé leis an bpobal; an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt do FSS an tseirbhís a atosú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10901/12]

View answer

Written answers

Ó tharla gur ábhar seirbhíseach é seo chuireadh é faoi bhráid Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le haghaidh freagra díreach.

Top
Share