Skip to main content
Normal View

Gaeltachtaí Nua

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2012

Tuesday, 6 March 2012

Questions (31)

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

66 D’fhiafraigh Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén obair atá déanta aige chun Gaeltachtaí nua a bhunú sa Ghalltacht. [12563/12]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá plé déanta cheana féin inniu ar ábhar na Ceiste seo, i gcomhthéacs an fhreagra a thug mé ar Cheist Tosaíochta Uimh. 59. Faoi mar a chuir mé in iúl, tá sé i gceist faoin mBille nua Gaeltachta go mbeidh deis ag ceantair, lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Gaeltachta, aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Ghréasáin Ghaeilge, faoi réir critéir phleanála teanga sonraithe a bheith comhlíonta acu. Mar atá ráite faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, is ceantair iad na Gréasáin Ghaeilge seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh cnap criticiúil bunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge.

Tá plé ar siúl faoi láthair idir fheidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge maidir leis na critéir phleanála teanga cuí a bheadh le comhlíonadh chun aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Ghréasáin Ghaeilge. Tá sé i gceist freisin comhairle chuí a chur ar fáil do phobail a bhfuil spéis acu plean teanga a ullmhú chun aitheantas mar Ghréasáin Ghaeilge a bhaint amach.

Top
Share