Skip to main content
Normal View

Clár Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2012

Tuesday, 6 March 2012

Questions (4)

Question:

59Deputy Michael P. Kitt den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé na treoirscéimeanna atá aige ina Roinn agus, go háirithe, maidir leis an treoirscéim um Ghaeltachtaí nua a ainmniú, cad iad na réigiúin atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12718/12]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur thóg an Rialtas cinneadh ar 7 Feabhra 2012 go ndéanfar Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht. Mar atá molta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, tá sé beartaithe faoin mBille Gaeltachta go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.

Tá sé i gceist faoin mBille Gaeltachta go mbeidh deis ag ceantair, lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Gaeltachta, aitheantas reachtúil a bhaint amach mar ghréasáin Ghaeilge, faoi réir critéir phleanála teanga sonraithe a bheith comhlíonta acu. Mar atá ráite faoin straitéis 20 bliain, is ceantair iad na gréasáin Ghaeilge seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh cnap criticiúil bunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge.

Tá plé ar siúl faoi láthair idir fheidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge maidir leis na critéir phleanála teanga cuí a bheadh le comhlíonadh chun aitheantas reachtúil a bhaint amach mar ghréasáin Ghaeilge. Tá sé i gceist freisin comhairle chuí a chur ar fáil do phobail a bhfuil spéis acu plean teanga a ullmhú chun aitheantas mar Ghréasáin Ghaeilge a bhaint amach.

Dúirt an tAire Stáit go dtabharfaidh sé stádas speisialta d'áiteanna ina bhfuil daoine ag obair ar son na Gaeilge. An bhfuil sé ar intinn ag an Roinn cúpla réigiún a phiocadh amach agus scéim phíolótach a chur ar bun?

Tá sé ar intinn againn roinnt ceantar a phiocadh amach agus scéimeanna phíolótacha a chur i bhfeidhm. Tá Foras na Gaeilge chun dul ag plé le ceantair a n-aithnítear go bhfuil an Ghaeilge le feiscint agus le cloisint iontu go soiléir. Tá feidhmeannaigh ó Fhoras na Gaeilge ag déanamh teagmhála le roinnt ceantar den chineál sin chun an chur chuige seo a chur i bhfeidhm. Aontaím leis an Teachtas go bhfuil go leor ceantar mar sin ar fud na tíre. Seachtain ó shin, bhí mé i láthair ag bronnadh Ghlór na nGael i Má Nuad i gContae Chill Dara nuair a bhí eagraíochtaí agus cumainn as gach páirt den tír, an chuid is mó dóibh as taobh amuigh de na Gaeltachtaí agus cuid mhaith dóibh as Tuaisceart na hÉireann. Bhí na céadta daoine ann, daoine atá ag obair lá i ndiaidh lae go deonach ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.

Beidh roinnt ceantar pioctha amach le bheith ar scéimeanna phíolótacha ach níl siad luaite ná fógraithe go poiblí go fóill. Ba mhaith liom a dheimhniú arís go bhfuil Foras na Gaeilge ag obair ar seo agus beidh sé i dteagmháil leis na ceantair sin muna bhfuil sé i dteagmháil leo cheana féin. Beidh dul chun cinn le sonrú ansin gan mhoill.

An féidir leis an Aire Stáit na háiteanna nó na réigiúin sin a ainmniú? Cén uair a thosnóidh na scéimeanna sin?

Mar a dúirt mé, tá an oiread sin acu ann agus chonaic mé le mo shúile agus chuala mé le mo chluasa daoine as gach páirt den tír. Tá aitheantas ann go bhfuil ceantair ann atá an-láidir, cuid acu sna cathracha, b'fhéidir anseo i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Ní bheadh sé ceart ag an pointe seo aon cheann ar leith a fhógairt go dtí go mbeidh na comhráití a bheidh ar siúl idir iad féin agus Foras na Gaeilge, agus b'fhéidir an Roinn, tugtha chun críche. Ach geallaim don Teachta go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh gan mhoill.

Tá sé cosúil leis an lottery - "It could be you!"

D'fhéadfá a rá go bhfuil sé. Tá seans ag gach duine. Braitheann sé ar na daoine iad féin. Má léiríonn siad go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ina ceantar, níl fáth ar bith nach dtabharfaí aitheantas dóibh. Tá an ceart ag an Teachta.

Top
Share