Skip to main content
Normal View

An Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2012

Tuesday, 6 March 2012

Questions (55)

Dessie Ellis

Question:

96 D’fhiafraigh Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén obair atá déanta aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc comhlachtaí príobháideacha sa Stát. [12562/12]

View answer

Written answers

I dtús báire, ní miste dom a rá go bhfuil dualgas reachtúil ar Fhoras na Gaeilge i ndáil leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc comhlachtaí príobháideacha, lena n-áirítear:

seirbhísí comhairleoireachta agus tacaíochta a sholáthar do mhórchomhlachtaí maidir le dea-chleachtas in úsáid an dátheangachais, mar shampla leis na comhlachtaí Microsoft, Google, Samsung, Meteor agus Ulster Bank;

deiseanna nua a fhorbairt i ndáil le táirgí gnó a sholáthar i nGaeilge tríd an scéim taighde agus forbartha;

scéimeanna tacaíochta maoinithe a reáchtáil don earnáil ghnó ar mhaithe le húsáid na Gaeilge a spreagadh ar ábhair ghnó agus mhargaíochta;

urraíocht a dhéanamh ar ghradaim na hearnála gnó ina bhfuil aitheantas agus aird tugtha d'úsáid na Gaeilge; agus

eolas a chur chuig úinéirí gnó atá ag oscailt nó ag athfhorbairt láithreacha gnó ag tabhairt léargais ar sheirbhís tacaíochta an Fhorais do ghnólachtaí.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na Gaeilge i measc comhlachtaí príobháideacha. Áiritear Scéim Ghaeilge do Chomhlachtaí Gaeltachta i measc ghníomhaíochtaí an Údaráis sa réimse seo. Is scéim tacaíochta í seo atá deartha go speisialta leis an nGaeilge a spreagadh i measc chliantchuideachtaí de chuid an Údaráis sa Ghaeltacht, agus béim faoi leith ar úsáid agus infheictheacht na Gaeilge i gcúrsaí gnó.

Cuirtear maoiniú ar fáil freisin faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne féin d'eagraíochtaí áirithe chun cur ar a gcumas an Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht, ach go háirithe sa réimse gnó. Áirítear Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael-Taca i measc na n-eagraíochtaí sin.

Top
Share