Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2012

Tuesday, 6 March 2012

Questions (6, 7)

Pearse Doherty

Question:

61Deputy Pearse Doherty den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad uair a bhí cruinniú den Chomhchoiste Idir-Rannach ar Dhul chun Chinn na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ann in 2012. [12560/12]

View answer

Martin Ferris

Question:

81Deputy Martin Ferris den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad uair a bhí cruinniú den Chomhchoiste Idir-Rannach ar Dhul chun Chinn na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ann in 2012. [12566/12]

View answer

Oral answers (17 contributions)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 61 agus 81 le chéile.

Bhí dhá chruinniú ag an Choiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht go dtí seo, ceann ar 14 Aibreáin 2011 agus ceann eile ar an 19 Bealtaine 2011, ón uair gur athbhunaíodh é faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Leagadh clár oibre sonrach amach de thoradh na gcruinnithe sin agus tá mo Roinnse ag feidhmiú dá réir ó shin. Céim shuntasach amháin atá bainte amach sa chomhthéacs sin ná go bhfuil na cinn do Bhille Gaeltachta nua glanta anois ag an Rialtas agus go bhfuil an próiseas idir lámha chun an reachtaíocht úr a dhréachtú chomh luath agus is féidir.

Tá sé i gceist go mbeidh cruinniú eile den Choiste Rialtais go luath agus, chuige sin, tá socruithe idir lámha chun cruinniú a reachtáil laistigh de sheachtain nó dhó den ghrúpa oifigeach sinsearach a thugann tacaíocht don Choiste Rialtais agus a dhéanann an réamh-ullmhúchán dá chuid cruinnithe.

Cupla seachtain ó shin dúirt an t-Aire go raibh sé mar a bhéadh lacha, ag obair go dian fo-thoinn. Dúirt sé go raibh sé ag déanamh a lán oibre as radharc agus gur cheart go mbéadh muinín againn as, mar go mbéadh gach rud ceart go leor ag an deireadh.

Tá daoine an-bhuartha mar gheall ar an Ghaeilge. Mar is eol don Aire tá an Ghaeilge ag laghdú mar theanga bheomhar labhartha ins na Gaeltachtaí. De réir na saineolaithe, níl ach 15 bliain, b'fhéidir, fágtha aici.

Nuair a fheiceann daoine nár tháinig an coiste le chéile ach dhá uair an bhliain seo chaite ní haon iontas nach bhfuil muinín acu as an Roinn maidir leis an tábhacht a leagtar an an nGaeilge sa Roinn. Tá sé do-chreidte nach bhfuil an comhchoiste iomlán ag bualadh le chéile i bhfad níos minicí ná mar atá chun plean a chur le chéile agus chun gníomhachtaí a chur i bhfeidhm.

Cé mhéad uair a tháinig an coiste le chéile, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, i mbliana? Cad iad táirgeachtaí na gcruinnithe sin? Níl an coiste sásta miontuairiscí na gcruinnithe a fhoilsiú. Tá sé do-chreidte nach bhfuil an coiste ag teacht le chéile ach dhá uair in aghaidh na bliana.

Ní shílim go bhfuil traidisiún nó nós ann, nó go bhfuil sé fiú amháin dleathach, go ndéantar miontuairiscí de Choistí Rialtais a fhoilsiú. Ní shílim go dtarlaíonn sé sin.

Bhí dhá chruinniú an-thábhachtacha ag an choiste Rialtais nuair a tháinig an Rialtas isteach in Oifig. Bhí siad an-thábhachtach mar gur leagadh síos ag an chomhchoiste sin an obair a bhéadh ar siúl ag an Roinn maidir leis an Ghaeilge agus le cur chun cinn na straitéise ins na míosa amach romhainn. Tá dul chun cinn mór déanta ó tugadh treoir dúinn.

Dálta an scéil, b'fhéidir nach raibh ach dhá chruinniú foirmeálta ann ach is féidir liom a rá go raibh cruinniú an-thábhachtach agam féin tá cupla seachtain ó shin leis an Aire, an Teachta Deenihan, le hArd Rúnaí na Ranna agus leis an Taoiseach féin in oifig an Taoisigh, nuair a tugadh cuntas dó ar an dul chun atá déanta ó tugadh treoracha dúinn. Is é an toradh atá ar sin ná go bhfuil an Rialtas anois tar éis glacadh le Bille Gaeltachta, go bhfuil sé ag an Dréachtóir Parlaiminte i láthair na huaire agus go mbeidh sé ag teacht isteach anseo san am nach bhfuil i bhfad romhainn. Rud stairiúil ar fad é sin. An uair dheireannach a bhí Bille Gaeltachta ins an Teach seo, b'fhéidir nach raibh an Teachta Tóibín ar an tsaol. Ní raibh mé féin ró-shean ach an oiread. An bhliain 1956 a bhí ann. Don chéad uair ó 1956, tá Bille Gaeltachta ag teacht isteach atá chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá an Teachta Tóibín tar éis a luadh agus, dálta an scéil, an bhfuil aitheantas tugtha ag an suirbhé teangeolaíochta dóibh agus a thuigim féin, mar dhuine as an nGaeltacht. Sin an fáth go bhfuilimíd ag tabhairt tosaíochta don reachtaíocht seo thar aon reachtaíocht eile, beagnach. Táthar ag obair air i láthair na huaire.

Maidir leis an chéad chruinniú eile den Choiste Rialtais, beidh sé ann gan mhoill. Tá na hard oifigigh ag déanamh a gcuid oibre, mar adúirt mé ins an fhreagra. Tá na hard oifigigh ag teacht le chéile ar dtúis agus ansin beidh an coiste féin ag teacht le chéile arís. Tá an obair ag dul ar aghaidh, lá i ndiaidh lae.

An bhfuil sé le tuiscint agam nár bhuail an comhchoiste iomlán fós i mbliana? Tá an lacha ag dul go han-mhall ag an bhomaite, nach bhfuil?

B'fhéidir nár bhuail an comhchoiste le chéile ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an obair ag dul ar aghaidh

Níl suíochán ag an nGaeltachta sa Chomh-aireacht faoi láthair. Fadhb mhór í sin maidir le cúrsaí Gaeltachta.

Tá an t-Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Deenihan, ina shuí im aice. Tá suíochán aige sa Chomh-aireacht. Tá mise anseo mar Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltacht air. Tá ár gcuid oifigí in aice a chéile ar an urlár chéanna agus bímid ag plé na gcúrsaí seo lá in ndiaidh lae, fiú amháin maidin inniu.

Agus tá suim mhór ag an Taoiseach ins an teanga.

Ach ní bhualann an coiste ach dhá uair sa bhliain agus níor tháinig sé le chéile fiú amháin uair amháin in mbliana. Tá sin do-chreidte.

An dá uair sin rinneadh amach clár oibre-----

-----agus táimíd ag cloí leis an chlár oibre. Cén mhaith a bheith ag bualadh nuair atáimíd ag dul ar aghaidh leis an chlár oibre? Beimid ag bualadh arís nuair a bheidh an clár oibre críochnaithe agus is dóiche go mbeimid ag fáil chlár oibre eile.

An féidir an clár oibre a fhoilsiú?

Is é an príomh rud anois ná an straitéis agus an Bille Gaeltachta. Nuair a bheidh sé sin déanta rachaimíd ar aghaidh le tuilleadh oibre, ach sin an príomh rud i láthair na huaire.

Tá naoi areas for action sa straitéis. Tá an Rialtas in Oifig le bliain anois. Céard atá bainte amach ag an Rialtas mar gheall ar na areas for action?

Tá Bille ag teacht os comhair an Tí, don chéad uair le 50 bliain. Tá an Teachta Kitt anseo níos faide ná mise agus ní fhaca sé Bille Gaeltachta ariamh. B'fheidir, beannacht Dé leis, go bhfaca athair an Teachta Bille Gaeltachta. Ní fhaca éinne eile sa Teach seo Bille Gaeltachta. Is rud stairiúil é seo. Don dara huair ó bunaíodh an Stát tá Bille Gaeltachta ag teacht isteach ins an Teach seo a dhíreoidh isteach ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht, ar an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge agus beidh an t-iomlán faoi scrúdú againn. Tá géarghá le sin. Táimid ag obair an-chrua ar seo. Mar a dúirt mé, thug an Taoiseach treoir dúinn ar sin. Dála an scéil, sular tháinig mé isteach anseo, bhí mé cúpla nóiméad mall agus bhí an tAire ag freagairt na ceiste. An bhfuil a fhios ag an Teachta cén áit a raibh mise? Ní rún ar bith é. Bhí mé istigh leis an Taoiseach ag caint ar an Ghaeilge. Chuaigh an Taoiseach amach agus thug sé preas agallamh maidir le Seachtain na Gaeilge. Bhí mise le dul leis, ach bhí an díospóireacht agus an caint chomh fada sin nach raibh am agam dul leis agus b'éigean dom teacht isteach anseo, ach dúirt an Taoiseach gur thuig sé go raibh orm a bheith anseo. Bhí mise ag plé na Gaeilge leis an Taoiseach sula dtáinig mé isteach anseo, fad atá na Teachtaí ar an taobh sin ag fiafraí an bhfuil aon rud ag dul ar aghaidh. Cop on.

Tá an lacha an mall.

Top
Share