Skip to main content
Normal View

Clár Forbartha Áitiúil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 March 2012

Tuesday, 13 March 2012

Questions (286)

Éamon Ó Cuív

Question:

340 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a dhéanfar íocaíocht leis na grúpaí ar fad ar ceadaíodh deontais dóibh ag MFG agus nár íocadh; an bhféadfadh sé na grúpaí i nGaillimh a bhfuil deontas ag dul dóibh a ainmniú; an méid atá ag dul chuig gach grúpa/duine; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13967/12]

View answer

Written answers

Chuaigh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa atá conraithe ag mo Roinn chun seachadadh a dhéanamh ar Axes 3 agus 4 (LEADER) den Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) sa Ghaeltacht, faoi leachtú ar an 7 Meán Fómhair, 2011. Tá dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh dlí de maidir le "imeachtaí foirceanta" agus tá na comhaid ábhartha tionscadail ar fad curtha ar aghaidh ag an leachtaitheoir agus tá siad ag mo Roinn faoi láthair. Tá mo Roinn ar an eolas maidir leis an leibhéal maoinithe atá geallta ag na staideanna difriúla le linn shaolré na dtionscadal ach caithfear méid áirithe seiceála a dhéanamh ó thaobh riaracháin agus airgeadais de sula mbeifear in ann uimhir agus méid na n-íocaíochtaí a chinntiú. Dá bhrí seo, ní féidir a bheith cinnte ag an am seo faoi na híocaíochtaí atá ag dul do thionscnóirí i gCo. na Gaillimhe ná in aon Ghaeltacht eile.

Tá dul chun cinn suntasach déanta agus rinneadh teagmháil le tionscnóirí, a raibh conarthaí iomlán comhlánaithe acu, i gcaitheamh na seachtaine dár críoch 2 Márta, 2012, chun an t-eolas i dtaobh a dtionscadal féin a dheimhniú ionas go mbeifear in ann na híocaíochtaí atá ag dul dóibh a íoc. Chomh luath agus a bheidh an próiseas seo thart beidh na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla atá ag feidhmiú in aice leis na ceantair Ghaeltachta ag déileáil idir an dá linn leis na híocaíochtaí sa ghearrthéarma.

Maidir le seachadadh Axes 3 agus 4 (LEADER) de chuid Chlár Forbartha Tuaithe sa Ghaeltacht san fhadtéarma, tá tús curtha ag mo Roinn le próiseas chun léirithe spéise a iarraidh ar Chomhlachtaí Forbartha Áitiúla atá ann cheana maidir le gnéithe LEADER de chuid CFT sna ceantair ina raibh MFG ag feidhmiú a sheachadadh sa tréimhse atá fágtha den Chlár.

Cuireadh an t-iarratas chuig na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla ar fad Dé Máirt, 6 Márta, 2012, agus is é 27 Márta, 2012, an dáta deiridh le glacadh le léiriú spéise.

Top
Share