Skip to main content
Normal View

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 March 2012

Tuesday, 13 March 2012

Questions (437)

Éamon Ó Cuív

Question:

491 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an mbeidh an scéim um roghanna comhshaoil talmhaíochta oscailte in 2012 d’fheirmeoirí nua a d’fhág an scéim chosanta comhshaoil tuaithe in 2011 agus a bhfuil a gcuid talún i limistéar oidhreachta nádúrtha/limistéar caomhantais speisialta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13871/12]

View answer

Written answers

In ainneoin an brú airgeadais atá os comhair mo Roinn tá soláthar déanta agam in 2012 do €243 milliún faoi scéimeanna comhshaoil talmhaíochta. Táim i mbun breithniú a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht atá ann leis an AEOS (An Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta) a athoscailt ar bhonn leasaithe nó ar scála teoranta in 2012. Déanfar an cinneadh seo i gcomhthéacs uasteorainn chaiteachais mo Roinne do 2013 mar atá aontaithe leis an Rialtas, agus go háirithe, ar an gcaoi ina ndéanfaí an scéim nua a mhaoiniú laistigh den mhaoiniú laghdaithe agus an brú ar an Vóta dá thoradh sin. Déanfaidh mé fógra faoin ábhar seo in am trátha.

Top
Share