Skip to main content
Normal View

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 March 2012

Wednesday, 21 March 2012

Questions (116)

Éamon Ó Cuív

Question:

116 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an gcreideann sé go mba cheart go mbeadh dhá oide ar a laghad i ngach bunscoil mar gheall ar chúinsí sláinte agus sábháilteachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14985/12]

View answer

Written answers

Tá na tairseacha daltaí do leithdháileadh múinteoirí rangsheomra i mbunscoileanna, na tairseacha don dara múinteoir i scoil dhá-oide san áireamh, leagtha amach i gCiorclán mo Roinne 0007/2012 atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Aithníonn an Roinn seo gur cuid thábhachtach de chreatlach shóisialta pobal tuaithe iad scoileanna beaga. Beidh siad ina ngné den tírdhreach oideachasúil againn i gcónaí. Ní hionann sin is a rá, áfach, gur féidir leibhéil fheabhsaithe foirne a chur ar bun i scoileanna beaga, de réir mar a mholann an Teachta. Ní féidir leis na leibhéil foirne i scoileanna beaga fanacht ina seasamh ná fanacht gan athrú go dtí leibhéal atá níos inacmhainne agus níos inmharthana in aimsir seo na géarchéime geilleagrach. Níor cheart go mbeadh na múinteoirí sna scoileanna beaga díolmhaithe ón éileamh, atáthar á dhéanamh ar na fostaithe uile sa tseirbhís phoiblí, na seirbhísí poiblí againn a sheachadadh le leibhéal laghdaithe acmhainní.

Tá mo Roinnse tar éis an próiseas achomharc mar atá sé faoi láthair a leathnú sa chaoi go mbeidh sé inrochtana do na scoileanna beaga atá ag cailleadh phost rangsheomra mar thoradh ar an mbeart buiséid. Scoileanna ar bith díobh a bheidh ag réamh-mheas rolluithe méadaithe i Meán Fómhair 2012 a ba leor iad le ceadú dóibh a gcuid post rangsheomra a choimeád thar an fadtéarma, ní chaillfidh siad an post rangsheomra. Tá na socruithe mionsonraithe leagtha amach i gCiorclán Foirne mo Roinne atá foilsithe anois ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Is é 23 Márta 2012 an spriocdháta d'achomhairc a chur faoi bhráid lena mbreithniú ag Cruinniú an Bhord Achomhairc um Sholáthar Foirne i mí Aibreáin. Luíonn an fhreagracht as scoileanna a bhainistiú ó lá go lá, bainistiú cúrsaí sláinte agus sábháilteachta san áireamh, leis an scoil féin ag an leibhéal áitiúil. Éilítear ar na scoileanna uile gach réamhchúram réasúnta a ghlacadh chun sábháilteacht na ndaltaí a chinntiú, agus bheith rannpháirteach i maoirsiú daltaí nuair atá na daltaí ar áitreabh na scoile, i rith am scoile, agus/nó i rith gníomhaíochtaí scoile. Ina leith seo, is ceart a nótáil go n-íoctar, de réir na socruithe atá ann faoi láthair, deontas maoirsithe le scoileanna aon-oide le haghaidh soláthar seirbhísí maoirsithe gur féidir éascú leo trí mhaoirseoir seachtrach a cheapadh.

Top
Share