Mar is eol don Teachta, seans, táthar ag súil go dtiocfaidh ardú beagnach seachtó míle (70,000) ar an rollú iomlán i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna idir anois agus an bhliain dhá mhíle is a hocht déag (2018) (breis agus ceathracha cúig míle (45,000) ag an leibhéal bunscoile agus fiche cúig míle (25,000) ag an leibhéal iarbhunscoile) agus leanfar leis an ardú ag an leibhéal iarbhunscoile go dtí an bhliain dhá mhíle is a fiche ceathair (2024) ar a laghad.
Maidir leis sin, d'fhógair mé mionsonraí faoi dhá chéad is a naoi déag (219) mórthionscadal tógála scoile nua, a gcuirfear tús leo sna cúig bliana amach romhainn, mar chuid de chlár infheistíochta caipitil €2 bhilliún. Beidh na tionscadail nua sin sa bhreis ar chaoga sé (56) mórthionscadal tógála scoile atá fógartha agam cheana agus a bhfuil tús le cur leo sa bhliain dhá mhíle is a dó dhéag (2012).
Is é an tosaíocht atá ann anois díriú ar mhórthionscadail thógála scoile agus ar thionscadail níos lú a aistreofar chuig scoileanna chun freastal ar na héilimh déimeagrafacha. Is é an phríomhaidhm ná cinntiú go mbeidh teacht ar áit scoile ag gach aon leanbh.
I gcomhthéacs na srianta airgeadais a eascraíonn as an ngá le tús áite a thabhairt do chóiríocht scoile riachtanach a sholáthar, ní féidir liom an scoil a dtagraíonn an Teachta di a chur san áireamh ag an tráth seo.