De bharr an riachtanais atá ann lena chinntiú go mbíonn rochtain ag gach aon pháiste ar ionad scoile, beidh sé ina phríomhfhócas ag an infheistíocht chaipitil i scoileanna sna blianta amach romhainn tionscadail mhóra scoile a sheachadadh chun freastal ar na héilimh dhéimeagrafacha ar fud na tíre. Tá an clár chúig bliana a fógraíodh le déanaí dírithe ar na héilimh dhéimeagrafacha sin a shásamh. Sa chomhthéacs sin, áfach, níorbh fhéidir na tionscadail uile, atá i bpleanaíl ailtireachta faoi láthair, a chur ar aghaidh chun tógála laistigh den fhráma ama chúig bliana. Tá 5 thionscadal mór tógála scoile ann dá bhfuil Céim 2(b) faofa ach nach bhfuil fós údaraithe chun dul ar aghaidh chun tairisceana. Tá dhá ceann de na tionscadail seo curtha san áireamh sa chlár chúig bliana. Tá ceann amahain le tosú i 2015/16 agus tá ceann eile le tosú i 2012. Is é luach iomlán réamheasta tairisceana na dtionscadal seo ná beagán de bhreis ar €18m. I bhfianaise nan-éileamh iomaíocha faoi láthair ar bhuiséad caipitil mo Roinne, ní féidir a rá ag an tráth seo cén uair a chuirfear na tionscadail sin ar aghaidh chun céim na tairisceana agus na tógála.