Skip to main content
Normal View

Líon na nGardaí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 April 2012

Tuesday, 24 April 2012

Questions (462)

Peadar Tóibín

Question:

554 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cé mhéad duine de na gardaí atá lonnaithe i nGaeltachtaí Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí a bhfuil Gaeilge líofa acu. [19829/12]

View answer

Written answers

Faoi théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí, ar a n-áirítear an Garda Síochána, seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Chuige sin, tugadh oiliúint sa Ghaeilge do na Gardaí go léir mar chuid dá gclár oiliúna. Ina theannta sin, faigheann roinnt Gardaí, atá ar stáisiún de réir mar atá sa tábla seo a leanas, Liúntas Gaeltachta lena ndearbhaítear go bhfuil leibhéal áirithe líofachta bainte amach acu maidir le húsáid na Gaeilge, agus tá siadsan ag obair agus ag oibriú i gceantair Ghaeltachta áirithe.

Ceantar

Gardaí

Cúltaca an Gharda Síochána

Sibhialtaigh

Líon na nGardaí a bhfuil an Liúntas Gaeltachta á fháil acu

Gaillimh

585

59

44

221

Ciarraí

307

26

32

28

Dún na nGall

436

25

29

49

Tá Gardaí eile, a oibríonn ar fud na tíre, agus lena n-áirítear i Maigh Eo, gCorcaigh, bPort Láirge, agus gCo na Mí, atá in ann seirbhís iomlán a chur ar fáil i nGaeilge. Ní féidir líon na gcomhaltaí sin a lua, áfach.

Top
Share